Más míbhuntáiste cúram leanaí na gur gá a leithéidí Furry Vengeance a fhulaingt ó am go chéile, ar a laghad tá faoiseamh ann nuair a fhásann siad aníos. Le déagóirí tagann MTV, ach ní mar a bhí tráth dá raibh. Anois tá leath-dosaen stáisiúin ann, gach ceann lena cheol áirithe féin, ceol nach gcloisfeá aon áit eile, mar níl am agat a thuileadh éisteacht le ceol. Fágtar an teilifís ag breathnú air féin leath den am, rud a chuireann buile orm, ach ó am go chéile feicim rud éigin a bhaineann geit asam, i measc truflais Miley Cyrus agus a leithéidí. Seo dhaoibh mar sin Monáe.
Thar barr.
No comments:
Post a Comment