7.12.10

Cad a dhéanfadh mac an chait ... srl

An bhfaca éinne frontline aréir?  Léiriú náireach ar an smacht atá ag an uasaicme ar RTÉ agus ar an tír i gcoitinne a bhí ann.  Bhí aire FF, tráchtaire ón IT (léine gorm), iar-theachta FF agus léachtóir polaitíochta ó DCU.  Ní raibh mé ag súil le mórán ó Martin, Carey nó Behan ach baineadh geit asam nuair a mhaígh an t-ollamh úd go raibh gá againn le Fhianna Fáil agus go mbeadh muid thíos leis dá ndéanfaí aon dochar don córas dhá-páirtí-go-leith atá againn.  Bhíos ar fiuchadh feirge ag breathnú air agus táim fós.  Cheapfá b'fhéidir go raibh an t-ollamh in ainm 's a bheith údarásach agus neamhspleách faoin cheist, ach ní fhéadfadh sé a bheith níos aontaobhaí ina dtuairimí dá dtosnódh sé ag gol
For god's sake, don't bursht de party.
Is dócha nach mbeadh sé cothrom FG a chrochadh ar bhonn a dúirt an Chéireach, nó an LO ach oiread, bíodh 's nach rabhadar ann in aon chor, ach ní fhéadfá a bheith dóchasach faoin todhchaí ag breathnú ar an mbolscaireacht suarach seo.

Tá na litreacha réidh agam agus níl le déanamh anois ach seoladh ríomhphoist a aimsiú dos na iarrathóirí anseo i mo dháilcheantair féin.

Seo dhaoibh a bhfuil ar intinn agam seoladh.  

A Chara,

Anois 's atáimd ar tí toghcháin táim ag iarradh do thuairimí i leith conas caiteachas an stáit a laghdú ar shlí cóir agus cothrom.  Tá mé ag seoladh na ceisteanna chéanna do gach iarrathóir atá suíochán á lorg acu i gCill Mhantáin agus tá sé ar intinn agam na freagraí a fhaighim a roinnt go phoiblí ar mhaithe na follasachta.

Tá trí bun-pholasaithe ar mhaith liom iad a fheiscint mar pholasaithe aon Teachta Dála nó páirtí ar a mbronnfaidh mé tacaíocht.  Ní féidir liom ar mo choinsias vóta a thabhairt d'aon iarrathóir nach n-aontaíonn leis na polasaithe seo, nó nach bhfuil in ann polasaithe níos fearr a nochtú dom.  Tá mé ag scríobh chuig chuile iarrathóir i mo dháilcheantar féin chun a dtuairimí futhu a lorg.

I)
Deireadh le faoiseamh cánach ar phinsin príobháideacha.  Mheas Tuairisc an Choimisiúin um Cáineachas (2009) (Cuid 8, Roinn 14.1) go bhfuil idir €2bn agus €3bn á thabhairt ag an stáit mar fhaoiseamh cánach ar airgead a chuirtear ar leataobh do phinsin príobháideacha gach bliain.  Nuair a chuirtear san áireamh nach bhfuil pinsean príobháideach ach ag 50% nó mar sin do oibrithe na tíre, agus ag glacadh leis gurb iad an 50% is saibhre don mórchuid atá i gceist anseo, ní féidir a thuilleadh a bheith ag gearradh cánacha ar chuile dhuine chun an buntáiste seo a bhronnadh ar an leath is saibhre den phobail.

Nílim sásta vóta a thabhairt d'aon iarrathóir nach ngeallann an faoiseamh cánach seo a stopadh go hiomlán.  An bhfuil tú sásta an gheallúint seo a thabhairt? 

II) Tá an rialtas i ndiaidh teacht ar réiteach leis an IMF agus an AE chun bainc na hEorpa a shábháil agus is saoránaigh na hÉireann a bhéas thíos leis.  Táim den tuairim go bhfuil rialtas na hÉireann fé ghabháil ag na bainc agus slua suarach an rachmais anois agus is soiléir go rabhadar ó thús na géarchéime i leith.  Ar aon bhonn morálta, níl féidir iallach a chur ar shaoránaigh na tíre na bannaí seo a aisíocadh.  Bhí a fhios dár liom ag lucht cheannaithe na mbannaí seo go raibh an tír faoi smacht ag comhcheilg coiriúil ón am sin i leith agus ghearradar rátaí úis dá réir.  Bhí a fhios chomh maith acu go raibh amhras ann faoin ndóchúlacht go n-aisíocfaí na bannaí.  Mo thrua leo, ach tá lá an chinniúna tagtha, agus níl sé ar chumas saoránaigh na tíre na fiacha seo a íoc.

Nílim sásta vóta a thabhairt d'aon iarrathóir nach ngeallann faillí a dhéanamh ar aon bhanna a eisíodh i ndiaidh Deireadh Fómhair 2008. An bhfuil tú sásta an gheallúint seo a thabhairt? 

III) Tá sé soiléir anois go bhfuil an aicme polaitíochta agus uasaicme an státséirbhís atá ciontach as an ngéarchéim ina bhfuilimid, fós ar mhuin na muice ag glacadh tuarastail agus pinsin ollmhóra nach bhfuil sé ar chumas na tíre íoc astu a thuilleadh.    Táim den tuairim gur mba chóir uasthuarastal a chur i bhfeidhm fad is atá an tír i bpráínn de €100k. 'Sé sin, ní chóir go mbeadh aon duine fostaithe ag an Stáit nó faoin chonradh ag aon riain den stáit ag tuilleamh níos mó ná €100k in aghaidh na bliana.  Níl an t-airgead ann chun pingin níos mó a íoc d'éinne.  Ar an dóigh chéanna, ba chóir dár liom uasphinsean a chuir i bhfeidhm chomh maith.  Ní chóir go mbeadh an stáit ag íoc pinsean níos mó ná €50k d'éinne. 

Nílim sásta vóta a thabhairt d'aon iarrathóir nach ngeallann uasthuarastal €100k agus uasphinsean de €50k a chur i bhfeidhm fad is a mhaireann an ghéarchéim.  An bhfuil tú sásta an gheallúint seo a thabhairt? 

Go raibh maith agat as ucht an t-am a thóg sé ort an méid seo a léamh.  Tuigim go maith go mbeidh tú gnóthach amach anseo i mbun feachtais toghchánaíochta ach tá súil agam go bhfaigheann tú leathuair nó mar sin chun mo cheisteanna a fhreagairt. 

Is mise le meas ... srl

Níl ach bréigín bheag amháin ann - níl sé ar intinn agam an litir a sheoladh chuig iarrathóirí Fhianna Fáil nó na Glasraí.  Tá a bhfreagraí againn cheanna féin.

Fáilte roimh bhur dtuairimí sula seolaim an méid seo.

6 comments:

  1. Bhí an clár náireach, cinnte

    ReplyDelete
  2. Chonaic mé é sin freisin, ach chas mé an teilifís as ar an toirt. Bhraith mé an fhearg ag fiuchadh ionam. Mar a dúirt duine ar seó de Bhrún ar TV3; tá FF ag 13% ach d'éirigh le RTÉ an 13% sin a aimsiú le haghaidh an lucht féachana.
    Bhí sé ag maíomh gur baol dúinn méadú i bpolaitíocht den eite chlé!

    B'fhéidir gur baol dó-san é, agus a thuarastal, agus a fhaoisimh chánacha , agus a aicme shaibhir go léir.

    ReplyDelete
  3. Is maith liom an ceistiúchán a chur tú le chéile. Aon seans go bhféadfainn é a úsáid leis?

    Go bhfios dom, is é Sinn Féin an t-aon pháirtí a thiocfaidh ar ais le freagraí dearfacha do do cheisteanna.
    Nó an bhfuil aon pháirtí nó iarrthóirí ón eite chlé i do dháilcheantair?

    ReplyDelete
  4. Tá fáilte romhat na cesiteanna a chur ar éinne agus bheadh suim agam aon freagraí a fhaigheann tú a fheiscint. Is dócha gur b'fhearr gan iad a sheoladh chuig HQ áfach, mar b'fhearr freagraí na iarrathóirí éagsúla a fhesicint, go háirithe má bhfaigheann tú freagraí éagsúla ó iarrathóirí atá in ainm 's a bheith sa pháirtí chéanna! Tá triúir ón LO san iomaíocht anseo agus beidh triúir ag FG freisin, mar shampla.

    I dtaobh an eite chlé nílim cinnte. Tá gach seans go mbeidh iarrathóir ón bhFís Nua. Beidh cinnte iarrathóir ó Shinn Féin freisin ach níl trácht cloiste agam faoin ULA anseo. B'fhéidir go gcuirfidh éirígí duine éigin san iomaíocht chomh maith.

    ReplyDelete
  5. Meas tú an bhfuil Joe Behan ag iarraidh sleamhnú thar nais i bhFianna Fáil roimh an toghchán? Thacaigh sé leis an mbuiséid...

    B'fhéidir go mbeadh freagraí dearfacha ag Sinn Féin ar na ceisteanna: ach i bhfianaise na gealltanais briste acu san Rialtas ó thuaidh ní bheadh muinín agam as na freagraí céanna.

    Táim i ngalar na gcás maidir leis an diabhal toghchán seo.

    ReplyDelete
  6. Ceart agat a Aonghuis. Bhí Behan ar an bhfrontline Dé Luain agus bhí gach cuma air nár fhág sé Fianna Fáil riamh. Tá'n ceart agat freisin i leith gheallúintí na n-iarrathór i gcoitinne. Dár liom áfach, níl seans dá laghad go gcuirfí polasaithe ar mhaith liom iad a fheiscint i bhfeidhm acusan nach bhfuil sásta na freagraí cuí a thabhairt dom, bíodh is nach féidir a bheith cinnte fúthusan atá sásta na geallúintí a thabhairt.

    Sheol mé na ceisteanna aréir go triúir ó FG, triúir ón LO, agus duine amháin ó SF, éirígí agus Fíṡ Nua. Agus dár ndóigh an Bheachánach chomh maith. Feicfimid cad a thiocfaidh ar ais chugam amach anseo.

    ReplyDelete