6.12.10

Fáilte don éan is binne ar chraoibh ...

Chuir post le Grá faoi Ghruaim ag smaoineamh mé faoin twitter agus táim i ndiaidh cúntas a oscailt.  Tugaim fá ndeara nach bhfuil Gaeilge acu mar cheann de na teangacha 'inmholta', más shin an focal ceart.  Fós féin, tá mo chéad túít foilsithe agam agus dhá leantóir cheanna féin ar mo thóir - cailíní óga is cosúil nach gcuireann an Ghaeilge as dóibh is dócha.

Anois beidh mé in ann an blag a úsáid chun trácht ar mo thúíteáil agus an túíteáil chun trácht ar an mblagadóireacht.  Milis!

8 comments:

  1. Táimse ag seachaint - ó tharla gur sórt Luddach mé - an poll ama sin (agus gnúis leabhair freisin).

    Ach go n-éirí le do phortaireacht ...

    ReplyDelete
  2. ASG. Gnúis leabhair. Ana-mhaith. Aontaím go huile is go hiomlán leat. Poll ama ceart iad uile. Táim chun mé féin a shrianú chun blag agus túíteáil, cé gur caithfidh mé a admháil go raibh cathú orm an ghnúis-leabhair a thriáil i ndiaidh an scannán The Social Network a fheiscint. Níor ghéill mé áfach.

    ReplyDelete
  3. Fáilte chuig Tweeter. Táimse ann le fada.

    ReplyDelete
  4. Nílim cinnte faoi fós. Ach tógfaidh mé seachtain nó dhó chun dul i dtaithí air.

    ReplyDelete
  5. Coinnigh ar an eolas muid, a ChOC. Tá mé chomh Luddach céanna le hAonghus.

    ReplyDelete
  6. Táim ag baint úsáide astu uilig le seachtain anuas, Blogspot, Facebook, agus Twitter. Níl mórán ama i gceist leo, má 'roinneann' tú an bhlagmhír atá scríofa agat.

    Caitheann daoine go leor ama ar Facebook, sílim, ach níl gá leis, mura mian leat, ar ndóigh. Tagann na tráchtanna chugam mar ríomhphost, agus is iad a léim.

    Téim isteach ar na trí shuíomh ar maidin, agus, má bhíonn am agam, um tráthnóna freisin, ach ní fhanaim iontu i bhfad.Léim, fágaim trácht, más mian liom, ansin fágaim. Sin mise.

    Chuaigh mé i dtaithí orthu uilig gan stró, cé go bhfuil, cheapfainn, nithe nach bhfuilim ar an eolas fúthu.

    Agus, tá Smartphone agam anois! Bean uasgrádaithe, or what!

    ReplyDelete
  7. GML! Táim 'uasghrádaithe', chan 'uasgrádaithe', ceapaim...:-)

    ReplyDelete
  8. Áine-2.1 seachas Áine-2.0 mar sin,

    ReplyDelete