21.12.10

An lá i ndiaidh amáraigh!

Nuair a d'éiríomar ar maidin bhi dath aisteach oráiste ón bhfuinneog agus nuair a tharrangamar na cuirtíní bhí ionadh orainn síobadh dochreidte sneachta ag séideadh ar nós radharc ón scannán thuasthagartha a fhesicint.  Níl a leithéid feicthe agam riamh cé go bhfuil sé stoptha anois, tá os cionn 20cm de shneachta againn anois.

Chaith mé an maidin ós comhair an tí ag glanadh an cosán agus an céide ionas gur féidir linn carr a bhogadh más gá.  Tá caranna ag sleamhnú ar fud na háite agus thógamar ár gcarr féin isteach ón mbóthar ar eagla na heagla,  mar táimid i ndiaidh dhá timpist a fheiscint cheanna féin agus caranna ag iarradh tiomáint aníos an chnoc.

Cé chomh mór is a bhí na calóga shneachta?


Chomh mór le chispheil.

Dár ndóigh tá na scoileanna go léir dúnta arís, ach fuaireamar téacs ón meanscoil le URL chuig an suíomh idirlíne le obair bhaile ann dos na daltaí.  Thaispeáin mé an téacs do m'iníon agus seo a dhúirt sí:
Obair bhaile? The fuckers!
ASG!

5 comments:

  1. An bastaird idirlíon! :)

    ReplyDelete
  2. Bhí ar mo neacht dul ar scoil inniu agus ansin thart fá am lóin ní raibh bealach ar bith dí teacht abhaile agus tá uirthi fanacht le cairde!

    ReplyDelete
  3. Agus, an ndearna sí an effing obair bhaile...:-)

    ReplyDelete
  4. @Grá - nuair a léigh mé do thrácht shíl mé go raibh orthu uile fanacht sa scoil, ach is dócha go bhfuil sí ag fanacht i dteach cara léi, an ea?

    @áine - ní fada go mbeidh obair bhaile gach duine ar-líne ag ní bheidh éalú ar bith. D'ith an madra mo leathanbhanda.

    ReplyDelete
  5. Níl sí in ann teacht abhaile ó Rath Cúil go Saggart.

    ReplyDelete