1.12.10

Toghchán ar deireadh ... ar lean.

Tá'n scéal ag athrú go laethúil anois.  Tá Uí hAnluain agus an Dermotologist i ndiaidh fógairt go bhfuileadar tinn tuirseach de chreachadh na tíre agus táid ag iarradh tuilleadh am a chaitheamh lena bpinsin.  Mo sheacht mhallacht orthu.  Ní dóigh liom go ndéanann an nuacht seo difir ar bith dos na torthaí atá tuartha agam don toghchán áfach.  Mar a gheall mé seo mar a thitfidh cúrsaí amach sa phríomhchathair agus sa fíorphríomhchathair.

Corcaigh Thoir. Is féidir gurb iad an LO a bhaineas an dara suíochán ó FF anseo ach táim ag ceapadh go mbeidh FG níos láidre.  Bhí ráflaí ann go raibh sé ar intinn Dhónail Óig a ainm a chur san iomaíocht ar son SF, ach tá an cuma air nach fíor sin.  Dá mbeadh is dócha go mbeadh an suíochán faoi sheilbh SF. Tuar:  FF-1(-1) FG-2(+1) LO-1.

Corcaigh Thuaidh-Láir. Cheapas roimhe seo go mbeadh suíochán amháin ag FF anseo ach mura bhfaigheann siad níos mó ná 15% den vóta, roinnte idir beirt, ní fheicim gur féidir leo ceann amháin fiú a choimeád.  Ba cheart do dhuine acu an páirc a fhágáil slán don duine eile ach ní dóigh liom go ndéanfaidh agus caillfidh an beirt acu.  Níl aon slí gur féidir a thuar cé a bhaineas an suíochán áfach.  D'fhéadfadh éinne ón LO, ULA nó SF é a bhaint ag braith ar ord a dhíbirt.  Fágfaidh mé i gcolún GF é. Tuar: FG-2(+1) LO-1 GF-1(+1)

Corcaigh Thiar Thuaidh. Tá vóta dochreidte ag FF anseo ach má chailleann siad tacaíocht mar a chaill i nDún na nGall, tá'n cuma air go dtitfidh siad siar go 20% nó mar sin, rud a chiallaíonn go bhfuil suíochán amháin caillte. Cad a dhéanfaidh an dhá TD atá acu? Tuar:  FF-1(-1) FG-2(+1).

Corcaigh Theas-Láir. Maraon lena gcomharsan trasnsa na habhann tá dara suíochán Fhianna Fáil imithe anseo.  Ach tá sé dodhéanta a thuar cé a bhaineas é. Tuar: FF-1(-1) FG-2 LO-1 GF-1(+1).

Corcaigh Thiar Theas. Mar atá. 
Bhí an t-ádh dearg le FG dhá suíochán a bhaint anseo i 2007 ach beidh siad slán anois.  Má tá ciall ar bith ag FF ní cuirfidh siad ach iarrathóir amháin chun páirce anseo, rud a choimeádfaidh an suíochán dóibh. Tuar:  FF-1 FG-2. 

Dún Laoghaire. Caillfidh an rialtas trí suíochán anseo.  Ba chóir go mbeadh suíochán ann do FF ach beidh a vóta roinnte idir Andrews agus Hanafin rud a fhágas bearna óna thiocfaidh an dara Léine Gorm. Tá lá RBB agus an SWP ar tí teacht! Tuar: FG-2(+1) LO-1 ULA-1(+1). 

Áth Cliath Thiar. Athghabháil suíochán ar son na réabhlóide anseo, mar níl slí dá laghad nach bhfillfidh Joe Higgins chuig Teach Laighin.  Tuar: FF-1 FG-1 LO-1 ULA-1(+1). 

Áth Cliath Iarthar-Láir. Tá trí suíochán as ceathar ag an rialtas anseo ach tá sé cinnte go gcaillfidh Gogarty agus Harney anseo cé go gceapaim go gcoimeádfaidh Curran a áit (ar éigin).  Beidh SF agus an ULA san iomaíocht don suíochán deireannach chomh maith, ach ar deireadh ceapaim go mbainfidh FG suíochán Harney agus an LO suíochán Gogarty. Tuar: FF-1 FG-1(+1) LO-2 

Ath Cliath Theas. Bua mór eile i ndán don LO anseo. Tá praiseach cheart déanta ag FG den dáilcheantar seo agus suíochán George Lee caillte acu. Murach sin bheadh triúir insuite acu anois agus seans maith acu iad a choimeád. Má chuireann FF beirt san iomaíocht tá contúirt go gcaillfidh siad dhá suíochán.  Tuar:  FF-1 FG-2 LO-2(+2).

Áth Cliath Thiar Theas.  Ceann eile anseo do SF agus seans go gcaillfidh FF dhá chinn má chuireann siad beirt san iomaíocht.  Is dócha nach gcuirfidh áfach agus beidh Crazy Horse slán, cé nach bhfuil sé tuillte aige. Tuar:  FF-1(-1) FG-1 LO-1 SF-1(+1).

Áth Cliath Thiar Thuaidh. Bainfidh Dessie Ellis ceann anseo agus caithfidh ceann de theachtaí Fhianna Fáil an fód a fhágaint nó caillfidh an beirt acu. Tuar:  FF-1(-1) LO-1 SF-1(+1).

Áth Cliath Thoir Theas. Tá suíochán amháin cinnte do LO & FG agus cé go mbeidh titim ollmhór ar an vóta, ceapaim go mbeirfidh FF bua ar an lá, má fágann siad Andrews leis féin. D'fhéadfadh an suíochán deireannach imeacht aon áit, dár liom. Tuar:  FF-1 FG-1 LO-1 GF-1(+1). 

Áth Cliath Lár Theas.  Bainfidh Eric Byrne ceann ó FF ach arís caithfidh ceann de theachtaí FF éirí as chun an ceann eile a shábháil. Muna ndéanann, beidh suíochán ag an ULA anseo. Tuar: FF-1(-1) FG-1 LO-2(+1) SF-1.

Áth Cliath Lár. Ardú céíme do Phascal atá i ndán anseo is dócha agus má tá ciall ag FF ní beidh ach iomaitheoir amháin acu anseo, is cuma cé hé nó hí. Tuar: FF-1(-1) FG-1(+1) LO-1 N-1.

Áth Cliath Lár Thuaidh. Titfidh an tóin as tacaíocht FF anseo ach éireoidh leo  a suíochán a chaomhnú trí iomaitheoir amháin a bheith acu.  Déarfainn go bhfuil Finian i mbaol ó Ghála an Ghiolla Mhóir agus beidh daoine ann nach maithfidh dó an tacaíocht a thug sé don rialtas. Tuar:  FF-1 FG-1 LO-1(+1).

Áth Cliath Thoir Thuaidh. Mar atá. Is féidir le FF leath dá vóta a chailliúnt anseo agus beidh suíochán fós acu. Tuar:  FF-1 FG-1 LO-1. 

Áth Cliath Thuaidh. Ceann eile don ULA anseo. Roimhe seo, cheap mé go raibh Sargent marbh anseo ach má chuireann FF an beirt atá acu ar ais san iomaíocht tá mé ag ceapadh go gcaillfidh siad an dhá ceann agus go mbeidh Sargent fágtha i ndeireadh na dála. Tuar: FG-1 LO-1(+1) CG-1 ULA-1(+1). 

An rud is suntasaí ná líon na ndáilcheantair ina bhfuil tacaíocht Fhianna Fáil chomh lag anois nár chóir dóibh na TDanna atá acu a chur san iomaíocht ar eagla go roinnfí an vóta beag atá fágtha acu sa chaoi is go gcaillfí dhá suíochán in ionad ceann amháin.  In áiteanna is dócha go n-éireoidh leo an suíochan deireannach a choimeád gan an cuóta a shroichint, ach in áiteanna eile beidh siad fágtha gan teachta ar bith.  ASG!

Bunaithe ar na céadtadáin tacaíochta seo:

FG - 30-35%
LO - 25%
FF - 15-20%
SF - 10%
eile - 10-15%

Táim ag súil leis na torthaí seo:

FF-41 FG-67 LO-32 SF-10 ULA-4 N-7 CG-1 GF-4.

I rith an tsamhraidh cheapas nach dtitfeadh tacaíocht FF faoi bhun 20% ach tá'n fianaise ann a léiríonn go dtitfidh.  Beidh éifeacht tubaisteach ar líon na suíocháin a bhufaidh siad dá bharr.

Mar fhocal scoir, cé nach bhfuil dáta socraithe, tá an toghchán ag teacht agus is faic gur féidir le FF chun an slad a sheachaint anois.

5 comments:

  1. fNí bheadh ionadh orm dá gcailleadh na Fianna gránna na dá suíochán i dTamhlacht.

    ReplyDelete
  2. Caithfimid a bheith dóchasach gur mar sin a thitfidh sé amach, ach braitheann sé orthu féin. Má sheasann an beirt acu, caillfidh an beirt acu.

    ReplyDelete
  3. Go raibh míle míle maith agat as an anailís seo a choc.
    Ar smaoinigh tú faoi é a sheoladh chuig Gaelscéal nó Foinse fiú? Tá sé d'ardchaighdeán agus an-luachmhar.

    ReplyDelete
  4. Níl an nasc faoi "Dermotologist" ag obair i gceart dála an scéil.

    ReplyDelete
  5. GRMA a Dhubhaltaigh. Ta'n nasc sin deisithe anois agam. Feicfimid a luach i gceann mí nó dhó, is dócha. Má bhíonn an ceart agam ní bheidh cúthail ar bith orm aird an domhain a dhíriú ar an mblag!

    Dála an scéil, cé nach cearrbhach in aon chor mé, tá €15 ar 8/1 agam leis an bPaorach go bhfaighfidh an LO idir 31 agus 35 suíocháin agus €10 eile ag 7/1 go bhfaighfidh FG idir 66 agus 70. Tá súil agam nach mbeidh lá eile ag an bPaorach.

    ReplyDelete