Chríochnaíos ar scoil inné.
D'fhilleas ar scoil cúig mhí ó shin agus inniu an chéad maidin nach raibh gá agam a bheith i mo dhúiseacht ar a seacht chun pleannanna a scríobh, ceachtanna a ullmhú, obair bhaile a cheartú, nó aigní úra a mhúnlú chun céille diaidh ar ndiaidh de réir a chéile.
Tá'n cuma air áfach go bhfuil an nós daingnithe ionam anois éirí go moch agus cén fáth mar sin nach dtabharfainn aghaidh arís ar oileán tréigthe mo bhlag bocht?
Deireadh ré ab ea inné. Mo chéad rang múinte anois agam agus cé nach mhaífinn go bhfuileadar uile chomh múinte lena chéile, táim sásta go ndearnadar uile sár dul chun cinn agus gur bhaineadar uile sult agus taitneamh as obair na bliana. Is cuma anois cad a tharlós amach anseo, seo h-iad mo 'First Class' agus beidh an gaol sin agam leo go deo.
Cuimhním fós ar mo laethanta scoile féin agus cinnte feicim roinnt dom féin iontu - an símplíocht, an soineantacht, an dánacht, an brón, an bhorbacht, an greann, an leadrán, an tuirse, an t-áthas, an mearbhall, ... n'fheadar an bhfuil gaol ar bith leis an nath Béarla 'lost my marbles' leis an bhfocal sin mearbhall?
Pé scéal é, tá mo mhirlíní fós agam i ndiaidh bliain a chaitheamh ina gcomhluadar agus mothaím uaim iad (na daltaí, ní na mírlíní) cheana féin. Ach sula dtugaim aghaidh ar filleadh um Fhómhar, beidh am anois agam díriú ar mhór-cheisteanna an tsaoil arís anseo ar an mblag. Feicfidh mé ar a seacht arís amárach sibh? Nach aoibhinn beatha an mhúinteora?