19.2.15

Hada to Hada

Cúig bhliain ó shin (bhuel ceithre go leith  nó mar sin) bhíos i m'áiléir agus thángathas ar séan caiséid ceoil a bhí taifeadta agam ón raidio sna luath nochadaí.  B'shin an t-am réamhidirlíne agus dá gcloisfeá rud éigin suimiúil ar an raidio ní raibh an gach eolas faoi i ngiorracht clic nó dhó luchóg, gan trácht ar scread asail.  Bhí amhrán amháin a chuaigh i gcionn go mór orm agus b'shin 'Simply Beautiful' le banna nach raibh trácht ná tuairisc faoi ar an idirlíon.  Hada te hada a bhí scríofa agam mar ainm na gceoltóirí san imchárta.

Ar fáth éigin inniu chuas á gcuardach arís agus tá dul chun cinn de shaghas éigin déanta.  Rinneas gúgláil arís ar 'hada te hada simply beautiful' agus thíos faoi mo bhlaganna féin ó 2010 tá nasc amháin ... bingeo!


Ag gúgláil ar Hada to Hada tá gach eolas faoin banna ar fáil agus is Éireannaigh iad Kieran Duddy & Belinda Morris.  Táim fós le teacht ar an gceol féin ar an idirlíon áfach cé go bhfuil amhráin eile le fáil ar an nasc sin Last.fm.

Dár ndóigh tá an seantéip agam fós, cé nach bhfuil seinnteoir agam a thuilleadh.  Geallaim daoibh, is fiú lorg 'Simply Beautiful' a leanúint - tá sé dochreidte corraitheach.

Feicim sna tráchtanna sa bhlag ó cúig bhliain ó shin, gur gheall mé le Dennis an ceol a stróiceadh ón dtéip agus cóip a sheoladh chuige -  úps - brón orm Dennis - ach táimid beagnach ag deireadh an chuardaigh.

Dála an scéil - níor scríobhas blag le fada an lá, ach b'fhiú go mór filleadh ar an meán seo chun mistéir Alice's Restaurant agus Hada to Hada a réiteach.  Cúig bhliain is fichead nó mar sin ag fanacht ar seo ... táim ag éirí sean.

No comments:

Post a Comment