Is ocht mbliana go leith ó fhoilsíos an chéad blag anseo agus is fada an aistear atá déanta agam. I ndáiríre is chun taithí athghabháil ar scríobh agus gramadach na Gaeilge a chuireas tús le m'fhánaíocht agus bhíos díograiseach go leor ag an tús. Ag léamh mo chéad iarracht arís áfach, is léir ach raibh aon dul amu orm ag ceistiú cá bhfaigheann daoine an t-am é seo a dhéanamh go rialta? Ní raibh an t-am agamsa ar aon nós agus tháinig ídiú agus creimeadh ar m'iarrachtaí thar na blianta go dtí nach bhfuil ach ceann nó dhó in aghaidh na bliana.
Táim athruithe go huile agus go hiomlán i dtreo twitter agus is annamh a léim fiú blaganna anois, gan trácht ar iad a scríobh. Dár ndóigh is ó twitter féin a threoraítear i dtreo blaganna mé agus táim cinnte gur giolc de mo chuidse a tharraingeoidh pé corrléitheoir a léann an méid seo. Rothaí mór an tsaoil ag síor chasadh is dócha is cúis leis an mórathrú seo agus ní dóigh liom gurb olc an scéal é meath mo bhlagsa do stádas nó seasamh na Gaeilge.
Ó am go chéile léim blaganna a scríobhas féin blianta ó shin agus baintear geit asam nuair a fheicim botúin lithrithe nó gramadaí. Go sábhála Mac Dé sin ón gcathú eagarthóireacht a dhéanamh ar gach ceann acu - táim sásta iad a fhágáil mar chlocha oghama ag seasamh os cionn uaigh m'aineolais nó b'fhéidir ag seasamh ar theorainn idir bhreacGhaeilge scoile leathchuimhnithe agus an Ghaeilge álainn atá ar mo thoil anois agam. Hmmm.
Bhuel, pé scéal é, is soiléir dom nach bhfuil mo thuras curtha fúm fós agus ó am go chéile cuirim ceisteanna ar lucht léitheoireachta faoi chúrsaí teangan. Is minic gur féidir an cheist a chur i bhfoirm giolc nó dhó agus freagra dá réir a fháilt gan mhoill ar twitter, ach anocht tá ceist agam a mheasaim a bheith ábhairín níos castaí.
Chuireas ar twitter aréir í ach b'fhearr liom é a leagadh amach arís anseo ar shlí níos éascaí le léamh, gan bheith ag cogaint mo smaointe síos go greimeanna céad beart 's daichead.
Is é an fear is fearr.
Am cheist a chuireadh orm ná cén fheidhm ghramadaí atá ag an dara 'is' san abairt thuas. Tuigim an breischéim/uaschéim níos/is ach ní thuigim cén fáth go n-úsáidtear iad mar sin. Chuardaíomar is sa theanglann agus ní fheicimse aon míniú ar an úsáid 'is fearr' ansin. An bhfeiceann éinne eile?
Chuireamar an abairt thuas san aimsir chaite chun 'Ba é an fear ab fhearr' a fháil. Anois, níl a fhios agam fúibhse ach screadann an t-athrú ó 'is' go 'ab' ansin COPAIL! i mo chluasa ar aon nós ach conas dhá chopail a bheith i bhfeidhm in abairtín chomh simplí le sin? Sin ceist an choinín bháin a chuir ar ár dtóraíocht ina diaidh muid ar feadh fiche nóiméad nó mar sin.
Chuimhnigh dalta amháin ar leabhar scoile a léamh a d'usáid 'ní ba' gach áit a bheadh súil agat 'níos' a fheiceáil, rud a chuir i gcuimhne domsa ceann de na tráchtairí ar GAA BEO a leanann an nós seo gan teip. m.sh 'Ní ba fhearr' in ionad 'níos fearr'. Dála an scéil, cén canúint a dheireann 'ní ba' ar aon nós? Ach pé acu é, tá cruth an chopail air, nach bhfuil?
Chuardaíomar pota focal freisin áit a chonaiceamar rudaí ar nós 'toisc go raibh trealamh i bhfad níb fhearr in úsáid.' Aineoinn nach bhfuil 'níb' le fáil sa teanglann is soiléir go leor domsa gur leagan de 'ní ba' atá ann agus mar sin is breis fianaise é gur an chopail atá in úsáid chun an breischéim a dhéanamh sa Ghaeilge. Anuas ar sin, más ionann 'níos' agus 'ní ba' an bhfuil copail i bhfolach ansin i 'níos'? An féidir le teangeolaí é seo a mhíniú dom i bhfoirm a bhféadfainn a mhíniú do dhaoine eile?
Mar chríoch, agus muid ag caint ar an uaschéim thug duine acu fá ndeara gur leis an iarmhír -est a ndéantar i mBéarla é. -est? Cad sa tsioc? N'fheadar an bhfuil gaol aige sin le briathar 'be' an Bhéarla (nó être na Fraincise)?
Gheallas don rang go gceisteoinn an t-idirlíon agus go mbeadh freagra agam dóibh an chéad oíche eile. Nár laga Dia sibh a shaoithe is a dhraoithe na Gaeilge!
No comments:
Post a Comment