5.2.16

Toghchán ... Loch Garman

Léas an t-alt suimiúil seo ar politicalreform.ie ar maidin ag míniú cén fáth gur iarracht in aisce atá ar bhun agam anseo. An bunfhadhb a bhaineann leis ná síltear nach bhféadfadh mioneolas cruinn a bheith ag éinne maidir le daichead dáilcheantar éagsúl. Ní féidir é sin a shéanadh, dár ndóigh, agus admhaím nach bhfuilim ach ag déanamh tuair ar mhaithe le píosa spraoi - ná glactar le haon rud a léitear sna postanna a leanas mar aon rud níos dáirírí ná tuairimíocht, nó má ghlactar, in ainm Chroim ná caitear airgead ar paddypower.com dá bharr.

É sin ráite, taim chun treabhadh liom agus mo thuar i leith Loch Garman a nochtadh.

Loch Garman.  Tá sé deacair móran ó thaobh athruithe a fheiscint anseo.  Cinnte titfidh vóta Brendan Howlin, ach tá greim an thiarna fheodaigh ar Bhaile Loch Garman féin aige agus cé nach dtiocfaidh sé slán chomh héasca is a tháinig go dtí seo, sílim go mbeidh sé fós ina sheasamh ag deireadh an aonaigh, go háirithe mar nach bhfuil éinne eile san iomaíocht don LO an uair seo.  Is amhlaigh an scéal do John Browne FF in Inis Córthaidh agus mar a tharlaíonn in Éirinn bheadh ionadh orm mura dtoileann muintir fiail an bhaile stairiúil sin an suíochán a sheoladh ar aghaidh chuig an chéad glúin eile de shíol de Brún.  Tiarnas feodach, an dtuigeann sibh?  Níl sna iomaitheoirí eile de lucht FF ach buicéid chun vótaí a bhailiú ar fud an chontae chun seoladh i dtreo Inis Córthaidh ar eagla go mbeadh gá ann dóibh - tá lá dhá (nó trí fiú) de shuíochán ag FF i Loch Garman imithe agus ní fhillfidh siad go deo.  Tá dhá mórfháth le seo.  Fás na neamhspleáchaigh agus fás Shinn Féin.  Tá suíochán Wallace slán déarfainn, de bharr a ainm a bheith go mór i mbéal an phobail ó lá ar toghadh é.  Ní dóigh liom go mbeidh dóthain ag Sinn Féin an uair seo an suíochán a bhaint, cé go mbeidh siad fós san iomaíocht don suíochán deireanach.  An chéad uair eile, is dócha, go háirithe nuair a fhágann Howlin ar deireadh.  Fágann sin an bheirt léine ghorm, Kehoe agus D'arcy.  Beidh an vóta ag FG an bheirt sin a thabhairt slán, agus b'fhéidir gurb é vótaí a dtríú iomaitheoir a chuideoidh le Howlin a shuíochán a choimeád ó SF, a thógfaidh an chéad uair eile é, is dócha, go háirithe mura bhfuil Howlin ina aire a thuilleadh.

Tuar: N-1 FF-1 FG-2 LO-1.

3.2.16

Toghchán ar deireadh.

Cúig bhliain ó shin, chríochnaíos sraith postanna leis an bpost seo ag tuar torthaí ollthoghcháin 2011.


'Siad na torthaí a thit amach ar deireadh ná

FF-20 FG-76 LO-37 SF-14 ULA-4 N-15.

agus mar sin ní dóigh liom gur éirigh ródhona liom, go h-áirithe leis an abairt deireanach a ghéill go bhféadfadh FF fulaingt dá dtifeadh a vóta faoi 20%, rud a tharla. Cé go raibh an céatadán den vóta a ghnóthaigh an LO faoi 20% freisin, ní rabhadar á roinnt idir beirt nó triúr agus is iadsan is mó a bhain leas as leá tacaíochta FF. 

Bhaineas an-spraoi an tráth sin leis an bhfíric go raibh leithleas roinnt the lucht FF ag caitheamh suíocháin uathu de bharr iomarca iomaitheoirí ar thóir suíocháin gan dóthain de vóta le roinnt eatarthu.  Ar deireadh, sin díreach a tharla agus b'shin an botún ba mhó i mo thuar - ghnóthaigh na bastúin leath an mhéid suíocháin is a bhí mé ag súil leis.  Ní gá dom a rá dár ndóigh ach gur ábhair áthais é dhom go raibh mé chomh mícheart sin.

Ar aon nós, tá sé ar intinn agam 40 thuar eile a dhéanamh sna seachtainí atá romhainn, go bhfeice mé an bhfuil mo scileanna fháidhiúla feabhasaithe thar na blianta. Bíonn saineolaithe ar nós Seán Donnelly ar RTÉ Drivetime le Mary Wilson na laethanta seo ag tuar seo agus siúd ar fud na tíre agus caithfidh mé a admháil gur minic a cheapaim go bhfuil na boic bochta ag caitheamh craice le na tuair seafóideacha a chloisim uathu.

Tosnóidh mé le mo thoghcheantar féin, Cill Mhantáin.

Cill Mhantáin/Ceatharlach Thoir.  Tá rás Anne Ferris rite agus níl aon rud níos cinntí ná go bhfuil tóin stroicthe as bríste an LO i gCill Mhantáin le fada anois.  Níl oiread is suíochán amháin acu ar an gComhairle Contae a thuilleadh agus leis an LO le vóta níos lú ná 10% go náisiúnta níl seans ar bith aici teacht aniar i gCill Mhantáin.  Mar bharr ar gach donais, tá Stephen Donnelly i ndiaidh na SD a bhunú (an cuma air nach bhfuileadar ag bacadh le leagan Ghaeilge dá n-ainm) rud a mheallas roinnt de 'sóisialaigh' an bhradáin deataithe ón LO.  Tar éis an méid sin a rá, tá an chuid eile éasca go leor a thuar.  Tá John Brady cinnte dearfa chun suíochán a ghabháil - ní raibh ach 120 vóta idir é agus an suíochán deireanach a thóg Stephen Donnelly i 2011 agus rinne sé an méid sin le 10% den vóta.  Beidh 20% aige an uair seo agus ba chóir go dtógfadh sé an chéad suíochán.  Measaim go bhfuil an bheirt léine gorm slán go leor freisin, go háirithe le gan ach an bheirt acu san iomaíocht in oirthear an chontae.  Bheifeá buartha faoi shuíochán Billy Timmins ar thaobh thall na sléibhte le RN anois, ach go bhfuil an taobh sin tíre aige dó féin don mórchuid agus ba chóir go mbeadh an vóta pearsanta aige a thóin a choimeád i dTeach Laighin. Amaidí eile ag FF beirt a chuir sa rás, agus ceann acu ó Dhún Laoghaire, creid nó ná creid é.  Beidh Casey san iomaíocht ach ní gheobhaidh sé na huimhreacha 2, 3 & 4 chun é a thabhairt slán dár liom.  Dá mbeadh ach é féin faoi bhrat FF bheadh seans níos fearr aige, ach mar atá, is Donnelly a thógfaidh an ceann deireanach arís. 

Tuar: SF-1(+1) FG-2(-1) SD-1 RN-1.

Ná dearmad gur anseo a chuala sibh i dtús é! 

1.8.15

Ceist Ghramadaí.


Chonaic mé rosc catha an Lorcánaigh áit éigin ar líne le déanaí agus thug mé difir bheag fá ndeara ón leagan a bhí i mo cheannsa le blianta fada anuas.  Seo atá inscríofa ar bhun na deilbhe ar Shráid Uí Chonaill in Átha Cliath.


An leagan Gaeilge atá suim agam ann, ach mar a tharlaíonn, ní dóigh liom gur aistriúchán maith é ón bhFraincis an leagan Béarla. Más buan mo chuimhne séard is brí leis an nath 'ne ... que' ná 'ach amháin' agus níl aon 'only' le feiscint anseo sa Bhéarla.  N'fheadar an é botún an Lorcánaigh atá anseo nó botún an dealbhadóra?  Pé scéal é, feictear domsa go bhfuil an leagan Gaeilge níos oiriúnaí mar aistriúchán ar an mbunleagan Fraincíse.

An cheist gramadaí a eascraíonn ón méid seo ná an difir idir an Ghaeilge thuas agus an rosc réabhlóideach a bhí i mo cheann .i. 'Ní uasal aon uasal ach sinn a bheith íseal'.  Ó thaobh an roisc féin, tuigim cén fáth go mbeadh 'sinne' níos fearr ná 'sinn' ach nílim cinnte cén difir idir 'bheith' agus 'a bheith'.  Chuas á chuardach agus tháinig ar an bhfoinse iontach aistear.ie. Seo a bhfuil le rá aige faoin scéal.


Soiléir go leor nach bhfuil?  Ós rud é gur gníomhaí é 'sinn' nó 'sinne' ba chóir go mbeadh 'sinn a bheith íseal' nó 'sinne a bheith íseal' ceart agus an leagan san íomhá thuas mícheart.  Ach fan nóiméad.  Cad faoin sampla 'Is maith liom bheith ag siúl' - nach bhfuil gníomhaí i bhfolach ansin?  Nach bhfeidhmníonn an forainm i bhfolach i 'liom' mar ghníomhaí?

Ní mór breis tochailt a dhéanamh agus isteach liom sa cháipéis a nasctar thuas, foilsithe ag Roinn Rialtais an Tuaiscirt mar threoir d'aistritheoirí. An chomhairle chéanna a thugtar:


Ach leis an éiginnteacht chéanna dár liom. Go h-áirithe an dhá sampla deireanach.  Tugaim fá ndeara na difríochtaí sa chaoi is go bhfuil 'a' sa bhreis sa dara abairt, ach ní thuigim aon difríocht ó thaobh brí de.  Déarfainn sa chéad cás gur 'a bheith' atá ceart, mar go bhuil 'an bhean' ann mar ghníomhaí.  Sa dara chás, déarfainn gur 'bheith' atá ceart, mar nach féidir breathnú ar 'an buntáiste' mar ghníomhaí, cé go bhfuilim beagáinín amhrasach faoin 'é'.

Má tá éinne fós liom ... an féidir libh an riail seo a mhíniú dom?  Cén leagan de rosc catha an Lorcánaigh is cirte dár libh agus cén fáth?

7.7.15

Daonlathas thall is abhus.

Agus reifreann na Gréige thart le όχι láidir mar fhreagra air beimid ag éisteacht ar feadh tamaillín eile anois lenár gceannairí ag míniú mí-aibíocht agus páisitiúlacht na Gréigigh bochta.  Is dócha nach dtagann ciall roimh aois agus ní nach ionadh mar sin go bhfuil praiseach cheart á dhéanamh ag leanaí leanbaí SYRIZA de gheilleagar agus sochaí na Gréige. (Tá a 's 'am nach léann gach éinne gach nasc, ach OMD léigí an ceann deireanach sin a léiríonn go ríshoiléir an chaitheamh anuas de bharr éirí in airde lucht rachmais na hEorpa).

I ndiaidh toradh an reifrinn, ainneoin an bua a bhí aige, d'éirigh Aire Airgeadais na Gréige as a phost ag míniú go lom díreach go thuig sé an fhuath atá ag an Troika dó, rud a fhíríonn a chloistear faoi Ghearmánaigh ag iarraidh go gcliseadh ar rialtas na Gréige ionas go bhféadfaí é a bhriseadh agus a athrú.

An bhfuil aon rud níos daonlathaí ná daonlathas amháin ag iarraidh rialtas daonlathais eile a athrú?  Maítear nach féidir le hόχι na Gréige 18 daonlathas eile a thacaíonn le pholasaithe déine a threisiú, ach cé mhéad den 18 eile a fuair deis vótáil ar cheist lom nocht na déine?

Is cinnte ón méid seo nach bhfuil daonlathas na hEorpa in aon staid mhaith ach cad faoi anseo in Éirinn?  De réir na pobalbhreitheanna deirtear nach bhfuil ach toradh amháin i ndán dúinn ón olltoghchán atá le teacht: sé sin comhrialtas idir FG & FF.  Cá háit eile ar domhain a tharlódh sé go mbíonn mar duais ag an dream a scrios geilleagar na tíre agus ag an dream a choimeád a gcos ar a bholg, triail eile timpeall na tíre san Merceanna Móra le chéile?  Conas nach bhfuil muintir na hÉireann éirithe amach i gcoinne an dhá dream seo?  Cé hiad na daoine a thacaíonn fós leo? Duine as gach beirt de réir dealramh, nó duine as triúr má thugtar san áireamh nach vótálann gach duine.  Conas gur féidir le seo a bheith fíor?  

Tá an tír ag fulaingt déine le 6 bhliain anuas agus tá duine as triúr sásta go leor le sin?  Duine eile as an triúir gur cuma leo pé scéal é agus gan ach duine amháin as an triúr ag iarraidh cúrsaí a athrú?  Dochreidte.  An féidir na pobalbhreith a chreidiúint?  Feicfimid roimh an t-am seo arís ach nílim ródhóchasach go bhfuil sé ar chumas daonlathas na tíre seo seasamh i gcoinne lucht an rachmais mar atá seasta ag daonlathas leanbaí na Gréige.
Is fadhb oideachais atá againn dár liom.  Ní féidir le tír a bheith fíordaonlathach má tá tromlach nó fiú mionlach mhór aineolach faoi rothaí mór an tsaoil.  Tá daonlathas bunaithe ar idirchaidreamh eagnaí an phobail agus mura bhfuileadar machnamhach agus athmhachnamhach faoi saincheisteanna an lae, níl fágtha ach comórtas tallainne idir slua (saibhir) comórtasach gan tallann. Ní gá ach breathnú ar leithéidí Healy-Rae agus Mary Mitchell-O'Connor go bhfeictear nach hiad fealsúnaigh-ríthe Phlato atá i gceannas orainn.  Ach an bhfuil an lucht orthu go dtoghtar iad nó an bhfuil an lucht ar an bpobal?

Má tá teipthe ar dhaonlathas na hÉireann cén córas eile a fheileadh dúinn?  Níl an dara suí sa bhuaile ann dúinn.  Ar aghaidh go deo go mbeirimid bua! Caithfear fanacht ar an lorg agus glacadh leis gur fiú an turas fiú mura mhairimid go deireadh air.  Agus má leanann cúrsaí mar atá, ní mhairfidh.

14.6.15

Craobh Ceannas Peile na hÉireann.

Níl Gael in Éirinn faoi láthair nach bhfuil tuairimíocht acu faoi reáchtáil na craoibhe peile, agus os rud é nár mhaith liom go gceapfaí nach rabhas áirithe i measc na Gael is Gaelaí a mhair riamh, seo dhaoibh mo smaointe féin ina leith.

Deirtear go bhfuil na himreoirí féin go mór i gcoinne deireadh a chur leis na comórtais cúige, ach ní ábhar iontais sin mar nach bhfuil sprioc réalaíoch eile ann do formhór de chontaetha na tíre.  Tá seans éigin ann go mbainfeadh leithéidí Sligeach, Luimneach, Cill Dara nó Doire craobh cúige ag tús gach bliana, cé nach n-áirítear de ghnáth i measc na foirne láidre.  Gan na comórtais cúige, níl ann mar sprioc ach an craobh ceannais féin agus fios roimh ré ag an tír iomlán nach bhfuil ach ceithre nó cúig fhoireann a thiocfadh i ngiorracht scread asail é a bhaint. Is de bharr an riachtanas seo na comórtais cúige a choimeád nach féidir athrú go córas 'Champions League' le hocht ngrúpa de cheithre fhoireann agus meascán den Sraith Náisiúnta & an Craobh Ceannais in aon chomórtas amháin.

Réiteach na faidhbe dár liom ná ceacht a fhoghlaim ón gcóras anois i gcúige Laighin san iomáint.  Tá Gaillimh agus Aontroim ag iomaíocht sa Pháil na laethanta seo ag craobh cúige buaite ag fir an Iarthair fiú.  Dár ndóigh, tá fadhbanna difriúla ag lucht na gcamán ach measaim go n-oireadh an réiteach céanna.

'Séard a dhéanfainnse ná na craobh cúige a imirt mar a imrítear fé láthair ach le hocht bhfoireann i ngach ceann acu. Cothromódh an réiteach seo an córas míchothrom fé láthair a thugann buntáiste mór do na Muimhnigh agus do na Connachtaigh mar gur féidir leo Mí Lúnasa a bhaint amach le níos lú cluichí le n-imirt acu.  Má ta ocht bhfoireann i ngach cúige caithfear trí chluiche a bhuachaint chun craobh cúige a bhuachaint agus an dúshlán céanna roimh gach éinne.

D'fhéadfadh na foirne a roghnú ag deireadh na Sraithe cén cúige ar mhaith leo tabhairt faoi an bhliain áirithe sin.  B'fhéidir go roghnódh na Dubs tabhairt faoi chraobh Chonnachta agus carnán ollmhór de bhoinn Laighin ina nglaic cheana féin acu?  B'fhéidir go roghnódh Corcaigh nó Ciarraí tabhairt faoi chraobh Laighin chun éalú óna chéile nó chun cleachtadh níos fearr a fháilt roimh Mí Lúnasa? Chun tábhacht na Sraithe a chaomhnú ba chóir an chéad rogha a thabhairt don fhoireann a chríochnaíonn ag barr na sraithe agus mar sin de.

Choimeádfainn an 'cúl doras' mar atá, chun an dara deis a thabhairt do fhoireann a chailleann cluiche go luath sa samhradh.  Le mo chóras nua cothromaítear an córas sin chomh maith, mar go mbeidh an líon céanna cluichí ag gach contae. 
 
Mar sin, ar an tslí is éascaí, caithfidh trí chluiche a bhuachaint chun an craobh cúige a bhaint agus ceann de na hocht áiteanna sa chraobh ceannais a bhaint amach.  Má bhuaitear trí chinn eile is féidir na tinte cnámha a lasadh!

Sin agaibh é mar sin, athrú beag ar an gcóras atá ann fé láthair - na craoibh cúige fós ann, ach ar bhonn níos cothromaí.  Cad a cheapann sibh?
 
Dár ndóigh is cuma cén córas a úsáidtear, beidh an ceithre fhoireann is fearr sa tír sna cluichí leathcheannais agus is iad an bhliain seo Áth Cliath, Ciarraí, Dún na nGall agus Maigh Eo.