1.7.23

Deireadh seachtaine ollmhór caide.

Agus athléamh déanta agam ar an méid a scríobhas ag tús na craoibhe, tá rudaí i ndiaidh titim amach beag ná mór mar a bhí tuartha ag nach mór gach duine.  As an sé fhoireann a mheas mé a bheith in iomaíocht Sam a bhreith leo, níl ach Gaillimh i ndiaidh titim. 

Bhí gearán agus olagón maidir leis an iomarca cluichí a bheith imeartha chun fáilt réidh le ceithre fhoireann sna grúpaí, ach ní thuigim an meon sin - nach bhfuilimid ag iarraidh níos mó cluichí a fheiceáil?  Agus cé go raibh corr-slad anseo is ansiúd, is cluichí iomaitheacha taitneamhacha a bhí againn ar an mórchuid.

Inniu agus amárach feicfimid an fíor mo thuar go mbeadh sé an-deacair do na foirne nár chríochnaigh ag barr na ngrúpaí buachaint an tríú seachtain as a chéile.  I ndiaidh tús iontach Mhaigh Eo i gcoinne na Ríochta, thiteadar a chodladh (mar is iondúil leo) agus bhí orthu cluiche sa bhreis a imirt i gcoinne a shean-namhad Gaillimh.  Ba chluiche aisteach a bhí ansin ó thaobh na haimsire de agus ó thaobh cur chuige na nGailleamhach.   Bhí saghas ionadh orm nach raibh siad in ann Maigh Eo a chloí, ach ní raibh locht ar éinne ach iad féin.  Dar ndóigh tá sé ar chumas Maigh Eo éinne a chloí ar an lá, ach, freisin, tá sé ar a gcumas acu cailliúint i gcoinne éinne, ag braith ar an lá.  Le cúnamh Dé beidh díoltas ag na Dubs amárach i ndiaidh an phraisigh a rinneadh den chluiche leathcheannais i 2021.

Mar sin féin, níl aon fhoireann i ndiaidh rian láidir a fhágáil ar chúrsaí fós i mbliana, agus creidfidh nach mór gach fhoireann atá fágtha go bhfuil seans réalaíoch acu an beart a dhéanamh ag deireadh na míosa.  Déanta na fírinne, beidh gach fhoireann ag guí go ndéanfaidh foireann éigin eile an obair chrua leithéidí Áth Cliath agus Ciarraí a chloí agus bheinn in ann Maigh Eo a shamhlú gcroíthe na hardchathrach a bhriseadh amárach, croíthe Chiarraí a bhriseadh sa chluiche leathcheannais agus ansin an ceann mór a chailleadh le pointe i gcoinne Muineachán!  Neosfaidh an aimsir.

20.5.23

Craobh Ceannais Caide na hÉireann

Imreoir sacair ó Sasana, darb ainm Kerry Mayo.  Há há.

Lá mór i measc na nGael inniu é, na Gael le suim i gcúrsaí caide ach go háirithe agus tús á chur le comórtas craoibhe uile Éireann le feiceáil cá háit a chaithfidh Sam Mag Uidhir an Fómhar, an Geimhreadh agus an tEarrach seo chugainn.

 Sé fhoireann déag ar fad atá san iomaíocht sa chóras nua-deartha i mbliana ach i ndáiríre bheadh ionadh ar éinne mura Ciarraí, Átha Cliath, Gaillimh, Tír Eoghain nó Maigh Eo nó b'fhéidir Doire a bhaineann Sam ar deireadh.  Tá na foirne eile ann chun croíthe an sé fhoireann thuas a bhriseadh agus b'fhéidir forbairt a dhéanamh ar a bpainéal do na blianta romhainn.

Sé chluiche ar fad atá le buachaint ag an bhfoireann a chrochfaidh Sam ar Ardán Uí Ógáin ag deireadh an tSamhraidh, ach i ndáiríre, d'fhéadfadh foireann ceann nó dhó a chailleadh agus fós an beart a dhéanamh, ag braith ar thorthaí eile.  Tá gearán á dhéanamh go gcáileoidh dhá fhoireann déag as an iomlán tar éis an chéad trí chluiche agus measaim go bhfuil rian den fhírinne leis sin, ach fós féin, is buntáiste mhór í gach cluiche a bhuachaint agus críochnú ar bharr an ghrúpa, mar mura gcríochnaíonn beidh an seachtú cluiche le himirt, agus ag braith ar thorthaí eile, d'fhéadfadh an cluiche sin a bheith i gcoinne ceann de na sé fhoireann is fearr.  Is fada uainn na craobhacha éasca a bhain an Ríocht fadó le gan ach trí nó ceithre cluiche le himirt acu agus is mór an difir anois idir sé chluiche agus seacht gcluiche, go háirithe agus an comórtas ar fad brúite isteach idir seo agus deireadh mhí Iúil.

B'fhéidir an t-aon athrú eile a bheadh le déanamh ná gan ach ocht bhfoireann a bheith cáilithe i ndiaidh na grúpaí, rud a chuireadh níos mó nimhe i gcluichí na ngrúpaí agus rud a shaoródh suas deireadh seachtaine amháin eile sa féilire ionas go bhféadfaí athimirt a dhéanamh má chríochnaíonn craobh cúige i gcomhscór arís mar a tharla le Doire agus Ard Mhacha an tseachtain seo caite.

Fós féin, nílim in ann a shamhlú nach mbeidh deargchogadh idir Ciarraí agus Maigh Eo agus Gaillimh agus Tír Eoghain inniu agus ní feidir liom fanacht orthu.

Is ábhar conspóide é go bhfuil ceann de mhórchluichí an lae, buachaillí Mhaigh Eo ag tabhairt cuairte ar Chill Áirne na Ríochta i bhfolach taobh thiar de bhalla íocaíochta GaaGo.   Níl aon náire ormsa a admháil gur íoc mé mo 79 le déanaí agus táim ag tnúth go mór le cluichí an lae inniu.  Is cuimhin liom éisteacht le cuairt na Dubs ar Pháirc Uí Chaoimh i 1983 ar an raidió, mar nach raibh faic ar an dteilifís sna laethanta sin mar go raibh eagla ar an CLG nach mbacfadh éinne freastal ar chluichí dá mbeadh siad ar fáil go héasca ar an mbosca.  Buíochas le Dia gur thangadar chun céille ó shin i leith.  Tá an oiread sin dár gcluichí le feiceáil anois saor in aisce ar RTÉ agus TG4 go bhfuil lucht leanta ár gcluichí naisiúnta millte i ndáiríre.  Mar sin féin, tá costas ag baint le na cluichí seo a chur ar fáil agus ní mheasaim gur olc an mhargadh é 79 ar na cluichí eile nach bhfuil ar na meáin saoir, go háirithe nuair atá lascainí ar fáil do chlubanna CLG agus tithe altranais.

11.4.23

Ní tragóid é gach meath.

Más rud é go bhfeicfear go bhfuil roinnt de na blaganna ar mo liosta thall i léig, agus don mórchuid gur mba ábhar bhróin é sin, is léir i gcás an ceann seo, gur trua nár cuireadh stop lena fhoilsiú na blianta ó shin. Táim ag trácht ar 'An Biorán', mar a ghlaoigh mise air, ach The Property Pin a bhí (agus atá) mar theideal acusan ar an suíomh.

Chaith mé an-chuid ama air siar sna náideanna agus sna deicheanna, agus is ann a rinneadh trácht agus cur síos laethúil ar fhás agus ar mheath an tíogar cheiltigh. Is cuimhin liom bheith ag leanúint cliseadh na mbanc ar an suíomh agus an-chuid daoine suimiúla feasacha air chun chuile rud a mhíniú agus an tír ag titim as a chéile. Roimh dom a bheith ar Tw*tter go rialta is ar an mBiorán a fuair mé mo chuid nuachta agus is ann a rinneadh an scagadh agus plé ar scéalta móra an lae. Ba chúrsaí eacnamaíochta ba mhó mar chlocha ar phaidríní lucht an Bhioráin ach phléití gach rud air. Maraon le haon suíomh fóraim bhí comhluadar rialta ann agus diaidh ar ndiaidh rachfá i dtaithí ar na claonta agus réamhchlaonta a bhí acu.

Ba léir dhom gur de lucht an rachmais roinnt den lucht tráchtaireachta ann - lucht ceannaithe agus díolta tithe, tiarnaí talún agus ar uile. Ba léir freisin go raibh ídeolaíocht nua-liobrálach ag roinnt acu. An saghas duine a mheas gur easpa chaipitileachais agus saor-mhargachais ba chúis le cliseadh mór 2006-2009. Ba chuma liom a seafóid mar go raibh dóthain ann le saineolas agus le ciall le go bhféadfaí neamhaird a dhéanamh ar na boic ba mheasa. Ar deireadh áfach, d'éirigh mé braon de agus stop mé ag glacadh páirte ach ba dhócha go raibh nós agam é a léamh fós go dtí gur éirigh mé as a bheith ag blagadóireacht go hiomlán.

Baineann sé geit anois asam nuair a fheicim an cruth atá anois air. Pé locht ar bhí ar an suíomh tráth dá raibh, ba foinse lonnrach fírinne é i gcomparáid leis an leithreas lán cacamais atá ann anois. Ó mo Dhia, tá sé plódaithe le comhchealga craiceáilte Covid, frith-vacsaíniú, friththeifeach, trasfóbach, ciníoch, agus cad eile nach iad. Rud eile a thugaim fá ndeara ná go bhfuil an suíomh tréigthe ag an slua a bhí air 10 mbliain ó shin. Níl fágtha ach an bunaitheoir féin agus dream nua deplorables. An raibh sé ina faisisteach ar feadh na blianta ar fad, nó an ndeachaigh QAnon i bhfeidhm air trí 4chan, facebook agus a leithéidí? Cá bhfios, ach pé scéal é, táim ag baint an nasc anois, mar nach bhféadfainn éinne a threorú ina threo a thuilleadh.

22.1.23

Drochthús

Ach tús fós. Nó atús is dócha. Is léir nach bhfuil sé de dhíograis agam postáil rialta a dhéanamh anseo, ach tá sé fós i gceist agam an caisleáin a atógáil, de réir a chéile, cloch ar chloch. Agus mé fillte anseo anois, bheadh sé chomh maith agam ord agus eagar a chur ar an áit, agus cá háit is fearr tosnú ná leis an gcolún 'Léite go Rialta' ar thaobh na láimhe deise. Dar ndóigh, ní léitear go rialta iad a thuilleadh, de bharr nár chaith mé mórán ama anseo le fada, ach os rud é gur chaith mé am orthu tráth dá raibh, b'fhiú athchuairt a chur orthu, le feiceáil cén bail atá orthu i ndiaidh na blianta. 'A Fistful of Euros' ag a barr agus is léir go bhfuil an fearann imithe anois agus is é sin le rá go bhfuil an blag imithe ar fad. Ní cuimhim liom go díreach mórán faoi ach amháin gur blagadóireacht pholaitiúil agus eacnamúil ar an Eoraip agus an Domhain a bhí pléite air. Feicim go bhfuil cuntas tw*tter ann freisin, ach é imithe ciúin leis. Tá súil agam gur easpa spreagadh nó leadrán amháin is cúis lena n-imeacht agus go bhfuil cuan suaimhneach sroichte ag pé duine nó daoine a bhí ina mbun. Mar is iondúil le formhór na suíomhanna seo, níl aithne ar bith agam ar a n-údar, ach guím gach rath orthu mar sin féin.

10.1.23

Fill arís.

Measaim go bhfuil sé in am filleadh anseo tar éis blianta fada fanaíochta ar shuímh is ar ardáin eile. Twitt*r is mó a ghoid m'am is mo smaointe le 10 mbliain anuas. Ach tá an talamh sin loite agus loiscthe ag faisistigh agus biogóidí agus réimeas ráiméiseach na nIncel faoi lán-seoil anois ann. Bhog mé go Mastodon ina ionad agus cé go bhfuil sé go breá, measaim gur deis é an t-athrú tús eile a chur le m'iarrachtaí anseo. Neosfaidh an aimsir an bhfuil de dhíograis ionam foilsiú go rialta anseo.