24.10.11

Fearann bán ... síolta i ndán

Fearann nua agam do mo chúinne-sa den idirlíon - uathachas.ie 

Fearann bán atá ann go fóill áfach, gan ann ach naisc chun blag agus mo charnán beag de túiteanna.  Amach anseo déanfaidh mé iarracht air é a threabhadh agus b'fhéidir go mbeidh barraíocht iontach agam ann amach anseo.

Rud a chuireann parabal an tsíoladóra i gcuimhne dom ...


Man! (mar a dheireadh na hipithe tráth) ... cad a bhíodh á caitheamh ag Íosa?

13.10.11

Leasaithe?

Cuireann leasú athrú chun feabhais in iúl domsa ar aon nós, ach ag éisteacht le hIar Bhreitheamh Bryan McMahon tá sé deacair a chreidiúnt go bhfuil sé ar intinn an rialtais an leasú atá fógartha i leith tuarastail na mbreithúna a chur ós ár gcómhair sa bhfoirm ina bhfuil sé faoi láthair.  Cé go bhfuil dualgas ar an mBreitheamh McMahon a bheith neodrach ar an scéal bhí sé cuíosach soiléir domsa ag éisteacht leis ar maidin nach raibh mórán meas aige ar an leasú áirithe seo.  Agus ní nach ionadh!

Pé amadán a dhreachtaigh an ráiméis éiginnte, míshoiléir, róchasta seo ba chóir é a bhriseadh óna phost.  Bheinn ag súil le tuilleadh díograis ó dhaltaí bunscoile.  Dár ndóigh ní dhéanfaí a leithéid, ach a mhalairt: is dócha gur 'thuill' sé nó sí na mílte euro as ucht a lag-iarracht.

Dár ndóigh is i mBéarla amháin a phléadh an leasú seo ar maidin agus níl aon amhras go bhfuil dhá peaca marfacha ar a laghad sna focail Béarla ach bhíos fiosrach fós ar an leagan Ghaeilge a bheadh acu, mar, mar is eol do chách, is ag an leagan Gaeilge atá an tosaíocht, má tharlaíonn sé riamh go n-airítear éagsúlacht ar bith idir bhrí sa Sacs-Bhéarla agus briathra binne ár dteanga dúchasach.

Isteach liom mar sin ar shuíomh An Choimisiúin Reifrinn chun an leagan Gaeilge a scrúdú agus tá na deacraíochtaí ceannan céanna ann. 

35 5 1° Ní cead laghdú a dhéanamh ar thuarastail breithiúna an fad is bheidh in oifig ach amháin de réir an ailt seo.
35 5 2° Tá tuarastail breithiúna faoi réir ag forchur cánacha, tobhach nó muirear eile a fhorchuirtear de réir an dlí ar dhaoine go ginearálta nó ar dhaoine is le haicme áirithe iad.
35 5 3° I gcás, roimh achtachán an ailt seo nó tar éis é a achtú, go ndearnadh laghduithe nó go ndéantar laghduithe de réir dlí ar thuarastail daoine is le haicmí daoine iad a n-íoctar a dtuarastail as airgead poiblí agus nuair a shonraítear le dlí den sórt sin go bhfuil na laghduithe sin chun leasa an phobail, d’fhéadfaí foráil a dhéanamh freisin de réir dlí chun laghduithe comhréireacha a dhéanamh ar thuarastail breithiúna.

Cén fáth sa tsioc a bhfuil an tagairt ann do aicmí áirithe?  Cén fáth an éiginnteacht seo?  Cén fáth nach rabhadar in ann é a fhágaint le daoine go ginearálta?  Cad iad na aicmí seo agus conas a n-aithneofá iad?  Protastúnaigh?  Giúdaigh?  Imircigh?  

An dara deacracht a d'aithin an Breitheamh McMahon ná'n focal 'comhréireacha'. B'fhéidir go mbeadh an gnáth tuiscint ag formhór againn ar seo sa chaoi is gur an comhréir 1:1 atá i gceist, ach ní sin a dheireann sé.  B'fhéidir gur an comhréir 1:20 atá i gceist.  N'fheadar?

Dár liom, nuair atá bunreacht i gceist, ní chóir go mbeadh éiginnteacht ann agus ní chóir go mbeadh a mhalairt de bhrí ar na briathra.  Mar is sna tuiscint malartacha seo a 'thuillfear' na milliúin amach anseo le dlíodóirí ag argóint i measc a chéile.

Ní fhéadfainn tacú leis na 'leasaithe' seo ar aon nós.  Ach i ndáiríre tá sé scanallach go bhfuil an tseafóid seo á bhrú nuair atá an tír ag titim as a chéile agus míle rud eile gur fearr a bheith ag díriú orthu.

Seo a tharlaíonn nuair nach bhfuil innealtóirí i bhfeighil. 

17.9.11

Oilithreacht

Maidin amárach tabharfaimid faoi oilithreacht nach bhfuil déanta agam le blianta fada anuas agus a bhfuil súil níos ghéire agam leis de bharr iontais na h-annamhachta.   Bhíos ró-óg sna seachtódaí dul ann, ach óg go leor sna hochtódaí dul ann le m'athair.  Sna nóchadaí bhíos ró-shean dreapadh thar na geataí mar b'iondúil tráth dá raibh agus is oth liom a rá nach raibh gá agam dul ann in aon chor sna náideannaí.  Amárach mar sin an chéad uair a thabharfaimid fén bóthair áirithe seo ar an lá áirithe seo agus sliocht dom chuid féin i mo theannta.  Beidh sé deacair gan smaoineamh othrusan a bheadh ann ach iad a bheith imithe ar shlí na fírinne agus silfear deor nó dhó ar a shon gan amhras.  Ólfar braon nó dhó chomh maith, mar is ceilliúradh atá i gceist seachas tóramh.  Ach fós, n'fheadar an mbeidh éinne ag smaoineamh orainn fiche nó tríocha bhliain amach anseo ar an lá céanna? 

Ag deireadh an lae, bíodh bua againn nó ná bíodh, béimid sona sásta go rabhamar ann agus ag tnúth len bhóthair céanna a bhualadh an bhliain seo chugainn. Go mbeirimid beo an t-am seo arís.  Go mbeirimid bua!


Áth Cliath Abú!

Dubs Abú!

10.9.11

Witches in the Wood.

Seacht nó ocht mbliana ó shin, oíche fliuch fuar nuair a bhíomar go léir sa bhaile tháinig gadaí isteach sa teach agus bhreith sé leis mála le deirfiúr mo bhean.

Bhí sí i ndiaidh filleadh ó BhÁC tar éis lá siopadóireachta don teach nua a bhí ceannaithe aici lena fear.  Faraor, bhíodh (agus tá fós) súil ar leith aici don saghas troscáin a n-oireadh di agus ar an lá áirithe sin, níor thangadar ar aon rud ar b'fhiú dóibh a cheannacht dár leo agus de bharr sin, bhí na céadta euro sa mála aici, chomh maith le ceamara agus dár ndóigh gach saghas mion rud pearsanta is iondúil a bheith i mála mhnaoi.

Agus muid inár suí sa seomra suite agus beirt páiste óga ag rith mór thimpeall an tí, bhí an Casaoideach* ag feitheamh orainn sa chúlgháirdín, ag faire isteach orainn go bhfaigheadh sé deis a bhirt.  Bhí sé i ndiaidh taobhgheata an ghairdín a bhrú agus na maidí adhmad a tharraingt óna chéile, le scriúire b'fhéidir, sa chaoi is go raibh sé in ann an bolta a oscailt chun é a scaoileadh isteach. Níl a fhios in aon chor againn cé chomh fada is a bhí sé ann ach le solas na maidine bhí lorg a gcos soiléir i láib an phortaigh a bhíonn againn sa gheimhreadh mar fhaiche.

Ar deireadh, caithfidh gur chinn sé ar an iarracht a dhéanamh ar feiceáil dó go rabhamar go léir in aon seomra amháin agus nach n-aireadh muid éinne ag buaileadh isteach sa chistin.  Bhí an mála úd ar úrlar an chistin gar go leor le chúldoras an tí, ach fós, bheadh air a bheith sciobthe, mar nach fearr sciobadh a bheith sciobthe? Leag sé lámh ar an ndoras agus biongó - ní raibh sé fé ghlas!  Isteach leis agus amach leis in aon anáil amháin agus síos chun páirc spraoi na leanaí leis chun luach a shaothair a mheas.   Is dócha nár chreid sé nuair a d'oscail sé an mála an taisce a bhí aige.

Tamaill beag níos déanaí agus an lánúin ag filleadh ar Phort Láirge dóibh a thosnaíomar ag cuardach an mhála.  Ó bhun barr an tí ní raibh a rian de.  Ceistiú agus diancheistiú ar na leanaí (ar m'iníon i ndáiríre, mar is fear bheagáin focail mo mhacsa, nach scaoileadh le rún fiú dá dtuigeadh sé cad ann é). An bhfaca siad an mála? Ní fhaca. Mura bhfaca, cad a rinneadar leis mar sin?  Faic.  Cá raibh an mála nuair nach raibh sibh ag déanamh aon rud leis mar sin?  Bhí milseáin againn don té a aimsíonn an mála, mar dhea, ach b'shin an cleas ba chlistí a bhí againn agus níor ghéilleadar ná cuma air go ngéillfeadh.  B'fhéidir nach raibh a fhios acu?  Cá bhfuil an mála mar sin.  An raibh éinne eile sa teach.  Lámh leagtha ar an gcúldoras agus chonacamar nach raibh sé fé ghlas.  Amach sa chúl linn agus an geata brúite tugtha fá ndeara againn.  In ainm Chroim!  Tá bastún éigin i ndiaidh gadaíocht a dhéanamh agus muid inár suí sa teach.  Glaoch curtha ansin ar na Gardaí agus nuair a thangadar amach chugainn is ansin a chuireamar aithne don chéad uair ar chlú agus cáil an Chasaoidigh.

Tháinig a athair agus an clann iomlán chun baile am éigin sna luath nóchadaí, tamaill fada roimh theacht mo chlann féin chun cónaí ann agus cé go raibh fadhbanna ann sa tosach, ó shin i leith bhíodar ciúin go leor.  An scéal a bhí ann ná gur mangaire drúgaí ó BhÁC an athair a bhí i ndiadh éirí as agus sásta a bheith ar scor cois trá, b'fhéidir chun éalú ón gcríoch a thagann dona leithéidí minic go leor.  Chaith na Gardaí cúpla mí ag faire ar an dteach i ndiadh círéib bheag a tharla nuair a ionsaigh carr lán de stócaigh láidre an teach le bataí agus le brící ach i ndiaidh an eachtra sin, ní raibh aon deacrachtaí leo.

Faoin am seo ní rabhamar sa bhaile ach le seal bheag blianta agus ní raibh aithne againn ar na mionsonraí seo, ach in ndiaidh oíche na gadaíochta níorbh fhada dos na Gardaí muid a chur ar ár n-eolas.  Bhíodar cinnte gurb é an Casaoideach Óg ba chúis leis agus é gan a bheith ach ag cónaí cúig nóiméad ón áit, ach ní raibh faic go bhféadfaí a dhéanamh faoi.   Dár ndóigh d'inis na comharsain an chuid eile den scéal dúinn.  In ainneoin an tseanleaid a bheith ar scor, bhí an Casaoideach Óg sáite go scórnach i Heroin.  Caitheann sé sé mhí anseo, bliain ansiúd fé ghlas agus nuair atá sé saor, ritheann sé trín bhaile ag goid agus ag réabadh leis, go dtí go mbeirtear arís air agus ar ais arís sa charcair leis.  Deirtear go mbíonn a fhios ag daoine cathain a mbíonn sé saor, mar go dtagann borradh (más shin an focal ceart) ar thionscadal gadaíochta an bhaile.  Bíonn sé ós comhair na cúirte sa nuachtán áitiúil go rialta i measc na tiomáinithe ólta, tiomáinithe gan cháin, tiomáinithe a rinne 102km/h ar an seachbhóthair agus gach mioncoirpeach agus oilghnímhí eile sa bhaile.

I ndáiríre is ar éigin go mbeadh fear amháin ábalta gach uile rud atá curtha ina leith a dhéanamh agus níl aon amhras go bhfuil céad nó dhó eile de juncaithe agus zombaithe ag crochadh timpeall an bhaile agus gach ceann acu réidh agus ullamh chun aon rud a dhéanamh chun a mianta doshásta a shásamh.

Inné chuala mé go raibh an Casaoideach i ndiaidh cuairt a thabhairt ar ár gcomharsan béaldorais.  Chualamar an madra ag tafann ach bíonn sé ag tafann an t-am ar fad agus ní haon rud as áit é sin.  Ar aon nós, bhuail na Gardaí isteach orainn aréir ár gceistiú faoin gcás.  Ní raibh éinne sa teach inné agus rinneadh scrois cheart de sa chuardach agus b'fhéidir gur fhág an bastún rian éigin a chrochfas arís é, ach fiú mura fhaigheann siad an t-am seo é, ní fada go mbeidh sé sa nuachtán arís le scéal suarach seafóideach eile aige.

Tá a leithéidí de Larry Murphy, Bertie Ahern, An Casaoideach Óg, Seánie Fitzpatrick srl. inár measc ag scrios agus ag réabadh mar is mian leo.  Dochar thar cuimse á dhéanamh acu mar níl ciall nó mearbhall acu ar an bhfuath agus sceon a chothaíonn siad i gcroíthe an phobail.  Is dócha gur cuma leo.  Tá na drúgaí, an tsaint, an máchaill intinne, máchaill morálta nó pé rud é i ndiaidh iad a dhallú.  Tá na daoine seo briste.  Thóg sé triocha bhliain nó níos mó iad a bhriseadh agus dár liom féin is obair na nglún cúrsaí a chur ina gceart leo agus lena leithéidí.  Níos faide fós b'fhéidir, mura bhfuil comhaontas ann ar conas go mba chóir tús a chur fiú ar mheitheal ár leasa.

Ar deireadh níl sna daoine seo ach púcaí.  Púcaí a chuireadh eagla ar pháistí tráth dá raibh, nuair a cheapadh gur maith an rud é páistí a smachtú le sceon, bagairt agus eagla.  Ar nós Keyser Söze na gCoirpeach sa scannán cáiliúil.  Dár ndóigh tá siad beagáinín níos scanrúil ná sin, mar go bhfuileadar inár measc, seachas inár scéalta.  In ainneoin an scanradh seo áfach, caithfimid marachtáil leo, agus sin m'ábhair buairte inniu.  Tá na bastúin seo inár measc.  Caithfimid ár saolta, ár gceantair, ár mbailte a roinnt leo.  Ach cad is féidir a dhéanamh ar a son?  Cad is féidir a dhéanamh leo?  Cad is féidir a dhéanamh fúthu?

Níl meas na muice agam orthusan a screadfadh "Crochtar iad agus caith uainn an t-eochar!" mar níl ansin ach freagra gan smaoineamh ar cheist nach féidir a réiteach gan é.  Ach má aithním amaideacht an bhfreagra sin, nílim ag maíomh go bhfuil freagra níos fearr de mo chuid féin agam.  N'fheadar an leor imeacht i bhfolach inár dtithe ag cuardach an Idirlín do cheamaraí ciorcaid dhúnta ag braith orthu muid a choiméad slán ó na púcaí?
Witches in the wood,
Trees soaked in blood,
Larry Murphy, Larry Murphy,
Up to no good.
 Dár ndóigh is beag is fiú ceamaraí i gcoinne bréaga agus mailís Ahern agus Seánie.
* Dár ndóigh ní Casaoideach an fear úd in aon chor.  Tá cearta fós aige, fiú má aithneodh éinne ó mo bhaile cé faoina bhfuil mé ag caint.

2.9.11

Ní leor an Tramadol.

Táim i gruachás le cúpla lá anuas le pian uafásach i mo dhroim de bharr rud éigin a tharraingt agus mé ag rothaíocht. De bhrí gur fear mé, lean mé liom gan cuairt ar thabhairt ar dochtúir go dtí go raibh deacrachtaí agam le siúl fiú.

I ndeireadh na dála dúradh liom fanacht sa leaba ar feadh na deireadh seachtaine agus tugadh Tramdol dom.  Caithfidh mé a admháil go bhfuilim beagáinín 'ar mesice' leis ach ní leor é chun ainnis an chluiche 'peile' idir Éire agus Slovakia a fhulaingt.  OMD tá Éire náireach.  An é go gceapann siad gur le Dún na nGall atáid ag imirt?