11.4.23

Ní tragóid é gach meath.

Más rud é go bhfeicfear go bhfuil roinnt de na blaganna ar mo liosta thall i léig, agus don mórchuid gur mba ábhar bhróin é sin, is léir i gcás an ceann seo, gur trua nár cuireadh stop lena fhoilsiú na blianta ó shin. Táim ag trácht ar 'An Biorán', mar a ghlaoigh mise air, ach The Property Pin a bhí (agus atá) mar theideal acusan ar an suíomh.

Chaith mé an-chuid ama air siar sna náideanna agus sna deicheanna, agus is ann a rinneadh trácht agus cur síos laethúil ar fhás agus ar mheath an tíogar cheiltigh. Is cuimhin liom bheith ag leanúint cliseadh na mbanc ar an suíomh agus an-chuid daoine suimiúla feasacha air chun chuile rud a mhíniú agus an tír ag titim as a chéile. Roimh dom a bheith ar Tw*tter go rialta is ar an mBiorán a fuair mé mo chuid nuachta agus is ann a rinneadh an scagadh agus plé ar scéalta móra an lae. Ba chúrsaí eacnamaíochta ba mhó mar chlocha ar phaidríní lucht an Bhioráin ach phléití gach rud air. Maraon le haon suíomh fóraim bhí comhluadar rialta ann agus diaidh ar ndiaidh rachfá i dtaithí ar na claonta agus réamhchlaonta a bhí acu.

Ba léir dhom gur de lucht an rachmais roinnt den lucht tráchtaireachta ann - lucht ceannaithe agus díolta tithe, tiarnaí talún agus ar uile. Ba léir freisin go raibh ídeolaíocht nua-liobrálach ag roinnt acu. An saghas duine a mheas gur easpa chaipitileachais agus saor-mhargachais ba chúis le cliseadh mór 2006-2009. Ba chuma liom a seafóid mar go raibh dóthain ann le saineolas agus le ciall le go bhféadfaí neamhaird a dhéanamh ar na boic ba mheasa. Ar deireadh áfach, d'éirigh mé braon de agus stop mé ag glacadh páirte ach ba dhócha go raibh nós agam é a léamh fós go dtí gur éirigh mé as a bheith ag blagadóireacht go hiomlán.

Baineann sé geit anois asam nuair a fheicim an cruth atá anois air. Pé locht ar bhí ar an suíomh tráth dá raibh, ba foinse lonnrach fírinne é i gcomparáid leis an leithreas lán cacamais atá ann anois. Ó mo Dhia, tá sé plódaithe le comhchealga craiceáilte Covid, frith-vacsaíniú, friththeifeach, trasfóbach, ciníoch, agus cad eile nach iad. Rud eile a thugaim fá ndeara ná go bhfuil an suíomh tréigthe ag an slua a bhí air 10 mbliain ó shin. Níl fágtha ach an bunaitheoir féin agus dream nua deplorables. An raibh sé ina faisisteach ar feadh na blianta ar fad, nó an ndeachaigh QAnon i bhfeidhm air trí 4chan, facebook agus a leithéidí? Cá bhfios, ach pé scéal é, táim ag baint an nasc anois, mar nach bhféadfainn éinne a threorú ina threo a thuilleadh.

22.1.23

Drochthús

Ach tús fós. Nó atús is dócha. Is léir nach bhfuil sé de dhíograis agam postáil rialta a dhéanamh anseo, ach tá sé fós i gceist agam an caisleáin a atógáil, de réir a chéile, cloch ar chloch. Agus mé fillte anseo anois, bheadh sé chomh maith agam ord agus eagar a chur ar an áit, agus cá háit is fearr tosnú ná leis an gcolún 'Léite go Rialta' ar thaobh na láimhe deise. Dar ndóigh, ní léitear go rialta iad a thuilleadh, de bharr nár chaith mé mórán ama anseo le fada, ach os rud é gur chaith mé am orthu tráth dá raibh, b'fhiú athchuairt a chur orthu, le feiceáil cén bail atá orthu i ndiaidh na blianta. 'A Fistful of Euros' ag a barr agus is léir go bhfuil an fearann imithe anois agus is é sin le rá go bhfuil an blag imithe ar fad. Ní cuimhim liom go díreach mórán faoi ach amháin gur blagadóireacht pholaitiúil agus eacnamúil ar an Eoraip agus an Domhain a bhí pléite air. Feicim go bhfuil cuntas tw*tter ann freisin, ach é imithe ciúin leis. Tá súil agam gur easpa spreagadh nó leadrán amháin is cúis lena n-imeacht agus go bhfuil cuan suaimhneach sroichte ag pé duine nó daoine a bhí ina mbun. Mar is iondúil le formhór na suíomhanna seo, níl aithne ar bith agam ar a n-údar, ach guím gach rath orthu mar sin féin.

10.1.23

Fill arís.

Measaim go bhfuil sé in am filleadh anseo tar éis blianta fada fanaíochta ar shuímh is ar ardáin eile. Twitt*r is mó a ghoid m'am is mo smaointe le 10 mbliain anuas. Ach tá an talamh sin loite agus loiscthe ag faisistigh agus biogóidí agus réimeas ráiméiseach na nIncel faoi lán-seoil anois ann. Bhog mé go Mastodon ina ionad agus cé go bhfuil sé go breá, measaim gur deis é an t-athrú tús eile a chur le m'iarrachtaí anseo. Neosfaidh an aimsir an bhfuil de dhíograis ionam foilsiú go rialta anseo.

22.5.22

Dán


Jim Flavin DCC.
They're not criminal can't you see?
Who makes the laws for you and me,
Who gets to say who walks off free?
Anaesthetised by anomie, a fatal form of apathy,
we all forget there was a we and slowly slay society.
Before more lies and treachery,
imprison us without a key,
commit these names to memory:
Jim Flavin DCC.

3.2.20

Pobailbhreith is Déanaí

Már a shíleas aréir, níl seans ar bith go mbeidh am anois agam chuile dáilcheantair sa tír a thuar is a mheas mar a rinne mé sna holltoghcháin i 2016 & 2011.  Agus mé ag leanúint haischlib #Togh2020 tháinig mé ar shaothar Paul Dempsey.  'Séard a rinne sé ná chuir sé na céadtadáin ó na pobailbhreitheanna ar fad i bhfeidhm dáilcheantair ar dháilcheantair chun tuar a dhéanamh ar cé a bheireas bua.

Níl torthaí anocht ón MRBI sa áireamh, ach gan seans go mbeidh sar i bhfad aige.


Seo thíos mar a thuar an Díomasach cúrsaí.


Más mar sin a thiteann cúrsaí amach, bheadh sé deacair aon rialtas ach FF/FG a fheiceáil, ach má fhaigheann Sinn Féin 25% go náisiúnta toghfar gach mac máthar acu .i. 42 agus ar na huimhreacha sin is baol do Fhine Gael nach mbeidh siad ach sa triú áit.  Cad a dhéanfaidh siad ansin?  Le Fianna Fáil ag titim freisin tá baol go gcaillfeadh siad na suíocháin dheireanacha fud fad na tíre do iomaitheoirí ó pháirtithe beaga (AAA-PBP, Na Glasaigh, SD srl) le farasbarr Shinn Féin.

Is cóngaraí a dhreapann SF i dtreo 40, is mó an seans go mbeidh ról lárnach i rialtas na tíre acu.  Is cóngaraí a thiteann FF i dtreo 40, is lú seans gurb amhlaidh dóibhsean.  An dúshlán atá roimh FG anois ná coimeád os cionn 35.  Má thiteann siad faoin uimhir sin, tá ré Leo thart.  Gach seans go bhfuil ré Leo thart pé scéal é, mar ar na huimhreacha seo, is baol nach sroichfidh FF+FG an uimhir draíochta 80, fiú le chéile.

Tá daoine ag maíomh gur bhotún é do Shinn Féin gan dóthain a chur os comhair an phobail.  Ach ní dóigh liom go bhféadfadh éinne a thuar go mbeadh 25% den vóta acu.  Fiú le sin, is beag dailcheantair suíochán sa tír gur féidir bheith cinnte de dhá shuíochán ar 25%.  Agus mar a tharla i dTír Chonaill i 2016, má scarann tú do vóta is féidir suíocháin chinnte a ligint le sruth.

Cad a tharlaíonn má fhaigheann FF 45, SF 40, FG 35?  FF+FG dar liom, ach cinnteodh sé seo níos mó ná 50 suíochán do Shinn Féin an chéad babhta eile.  Luath nó mall, beidh Mary Lou McDonald ina Taoiseach.  Sin an sprioc agus más fearr fanacht cúpla bliain eile chun é a bhaint amach, sin a dhéanfaidh siad.