16.2.09

An Stát (Airteagal 9)

Mo leithscéal as ucht moilliú m'athdhréachtú ar an mbunreacht. Táim eolach go bhfuil am na h-anachana orainn arís agus ní fada anois uainn an lá go m'bhféidir go mbeidh gá againn le bhunreacht úr don sochaí iar-chaipitileach. Anocht tabharfaidh mé aghaidh ar cheist an Saoránacht.

Sula dtosnaím caithfidh áird a thabhairt ar an reifreann a bhí againn roinnt bheag blianta ó shin chun an airteagal seo a leasú, ach go h-áirithe an toradh. Caithfidh mé a bheith macánta freisin agus a admháil go raibh díomá orm gurb í sin rogha an phobail. Im' thuairimse ní raibh sa reifreann ach cleas polaitiúl chun ainm an amadán seo agus a pháirtí (na PDs, cá bhfuil siad anois - ha ha!) a choiméad fé bhráid an phobail chun cúpla vóta breise a aimsiú ó Breakfast Roll Man.

Cé nár éirigh leis an gcleas (tá'n amadán úd ar ais in umar muice na Ceithre Cúirteanna agus a pháirtí scriosta) táimid fágtha anois le Airteagal a bhronann Saoránacht ar bhonn ciníoch, dár liom. Dár ndóigh rinneadar praiseach den leasú, rud a d'aithníodar ag an am agus iad ag cur
D'aineoinn aon fhorála den Bhunreacht ...
seo ag tús an leasú. Bhí sé soiléir do chách gur thánaig an Airteagal nua trasna ar Airteagal a 2 a thugann 'páirt' i Náisiún na hÉireann d'éinne a rugtar in Éirinn. Mar atá cúrsaí anois is féidir a bheith mar pháirt den Náisiún ach gan Saoránacht a bheith agat!

I ndáiríre áfach, tá'n cuma air go raibh an staid seo i gceist fiú roimh an reifreann náireach úd, mar gur bhfuil Airteagal 9.2 ag rá gur
de réir dlí chinnfear fáil agus cailleadh náisiúntacht agus saoránacht
ach ní hé seo le rá go bhfuil difir i gceist idir náisiúntacht agus saoránacht agus d'fhéadfaí é a léamh gurb ionann an dá rud.

Ag macnamh anois air níl an difir idir an Airteagal mar a bhí agus an Airteagal leasaithe soiléir in aon chur. Roimh an reifreann is de réir dlí a bhronntar saoránach (9.1.2) ach anois tá cosc ar saoránacht a bhronnadh i gcásanna áirithe ach amháin má dhéantar socraithe dleathúla é a cheadú - WTF? Fianaise eile nach raibh sa reifreann ach dalla mullóg a thug nod don chiníochas ar mhaithe Mhicí Mhac.

Ag breathnú anois ar 9.1.3 tá sé deacair a chreidiúnt gur cheapadh riamh go raibh gá lena leithéid. Ar chomhair anois é a athrú chun cosc a chuir ar shaoránacht a cheilt ar dhaoine aeracha? Ní gá im' thuairimse, agus ar an dóigh chéanna ní gá a rá nach bhfuil cead leithcheal a dhéanamh i gcoinne fir nó mná ach oiread.

Cad is féidir a rá faoi Airteagal 9.3? An féidir fiú a leithéid a chur i bhfeidhm? Cad is easpa dhílseacht nó tairiseacht ann? Tá rud éigin le rá ag Airteagal 39 faoi agus is leor sin, dár liom. Go pearsanta, ceapaim gur gá dílseacht a thuilleamh agus is minic nach tuilleann an Stát í trí chearta a Shaoránaigh a scriosadh agus tá gá ansin cumhacht an Stát a bhriseadh sna cúirteanna. Ní molfainn dílseacht dall d'éinne.

Sin mo dhóthain d'anocht. Seo chugaibh an Airteagal nua, Airteagal 8 sa scéim leasaithe:

Airteagal 8

  1. 1° Ar theacht i ngníomh don Bhunreacht seo is saoránach d'Éirinn aon duine ba shaoránach de Shaorstát Éireann díreach roimh theacht i ngníomh don Bhunreacht seo.

2° Is de réir dlí a chinnfear fáil agus cailleadh náisiúntacht agus saoránacht Éireann feasta.


I ndiaidh dhom mo chóras a athrú nílim in ann an airteagal seo a fhoilsiú ar an dóigh chéanna a rinneas cheana. Roimhe seo d'úsáid mé an Gimp athraithe a dhéanamh agus d'easpórtáil mé mar íomhá .jpg an toradh mar sin an t-aon rud a ghlacadh blogger leis. Déanfaidh mé beagáinín taighde chun modh nua shimplí a aimsiú.

9.2.09

smaointe bhriste

... fé lán-loinnir ghealaí ...

... san fhearthainn san fhuacht ...

... thar abhainn aibí ramhar ...

7.2.09

kubuntu ar lean.

Táim imithe i dtaithí ar an gcóras nua faoin am seo. Tá sé slachtmhar snasta agus, go dtí seo ar aon nós, oibríonn sé.

Ní hé seo le rá nár oibrigh openSuSE ach oiread, ach i ndiaidh cúpla bhliain bhí cuma tuirseach air agus caithfidh mé a rá go bhfuilim lán sásta leis an athrú.

Maraon le openSuSE, níl tacaíocht ag kubuntu do seinnt comhaid mp3 'as an bhosca'. Breathnaigh thall ar a thárla nuair a rinne mé iarracht cliceáil ar cheann.

Roghnaigh mé 'Install MP3 Support' agus thosaigh an córas ag déanamh an beart. Mar a luaigh mé cheanna, níl YaST ann in aon chor ach tárlaíonn an suiteáil mar sin féin. Tar éis cúpla nóiméad chríochnaigh sé agus nuair a chliceáil mé ar an gcomhad mp3 arís d'oibrigh sé.

Éasca péasca!

4.2.09

Banfhuath an tSreang.

Tá séasúr a dó feicthe anois againn. Maíonn mo bhean (nó maíonn go maíonn) go bhfuil fothshruth láidir den bhanfhuath le sonrú ann. Mar shampla (dár léi), níl pearsa tréan dearfach baineann ar bith sna scéalta. Ní aontaím in aon chor léi. Tá Kima ann. Cop cróga láidir a bhfuil i bhfad níos cumasaí ná formhór des na amadáin mórthimpeall uirthi. Cruthú ar bhanfhuath an chláir dár léi féin é seo - an t-aon bean údarásach atá ann is leispiach í. D'fhéadfaí frith-aerachas a chuir i leith an dearcadh seo dár liom.

Cé nach léirítear mná an Ultaigh; a bhean (Elena), an Dlíodóir (Rhonda Pearlman) agus Beadie mar oinsigh, tá an cuma air go bhfuileadar uile dall agus gan ciall i dtaobh réicíocht Jimmy féin.
Tá'n téama an éifeacht a bhíonn ag eagrachtaí ar dhaoine láidir arís ann. Feicimid an scrios a dhéanann an dílseacht atá ag lucht an cheardchummain orthú, maraon le droch éifeacht an BPD agus sliocht Barksdale ar na Cops agus ar na díoltóirí drugaí. Tá sé deacair gan comhbhrón a mhothú nuair a thárlaíonn na tubaistí éagsúla dóibh uile. Ní cops'n'robbers é seo.

Níl mo bhean róchinnte go bhfuil an dara séasúr chomh maith is a bhí an chéad ceann ach tá sé tugtha fé ndeara agam gur bhreathnaigh sí ar chuile chlár. ;-)

1.2.09

Lá 'le Bhríde.

Teacht an Earraigh, deireadh an Gheimhridh. Ach a mhalairt a cheapfá agus tuar na saineolaithe á léamh. Blianta fada ó shin bheadh Cros Bhríde crochtha i chuile teach in Éirinn. Fiú fiche bhliain ó shin bheadh siad le feiceáil sna scoileanna. N'fheadar an mbeidh siad acú amárach?

Chuir an CLG tosach iontach le bhlian nua peile aréir in aineoinn an toradh agus bhí an ceiliúradh i ndiaidh an chluiche thar barr, cé gur deacair gan a thabhairt fá ndeara cé chomh minic is a chaill Na Dubs cluichí móra i rith buaicphointí 125 bhliain. Thaispeánadar cúl Jayo i 1995 sa chluiche leath cheannais i gcoinne Corcaigh, rud a bhain béic as an tslua. Béic níos airde fós a bhain cúl Shéamais Darby i 1982. Laoch gan sárú. Is maith an rud a chuimhniú go raibh maitheas éigin i muintir Uíbh Fháilí tráth dá raibh.

Thógas giotaí bheaga de fís ar an nguthán ach ní fiú iad a léiriú. Seo iarracht eile ó YouTube.

Ní léiríonn sé cé chomh iontach is a bhí sé áfach. 'Seans go mbeidh samplaí níos fearr ar fáil ar RTÉ.ie amach anseo.