21.5.10

Aththosnú an fheachtais.


Mar is eol daoibh chaith mé Mí nó mar sin i bhfad ó baile le déanaí agus bhí orm stad a chur le fheachtas smachtú na blonaige. Ó thús bliana i leith d'éirigh thar barr liom mar a léirítear thuas agus inné shuí mé ar ais ar an ndiallat don chéad uair i seachtainí fada. Bhain mé an 33km amach i 79 nóiméad agus bhíos sásta le sin, cé go bhfuil mé in ann cúig nóiméad ar a laghad a bhaint ón am sin, nuair atá mé imithe i dtaithí arís ar an obair.

Is ait an rud é, ach bhíos ag súil le ardú éigin sa mheáchan mar thoradh ar an easpa rothaíocht ach mar a thárla, chaileas dhá kg sa bhreis. Is dócha gurb é an fáth le seo ná gur chaith mé roinnt den am ar Mars i mo sheasamh, in ionad is a bheith sáite suite ós comhair scáileán ar thóir bits 'n' bytes.

Tá sé mar chuspóir anois agam 5kg eile a chailliúnt rud a fhágas ar 75kg sláintiúil. Ansin beidh mé réidh chun mó leabhar a scríobh "D'Íocas le fhíocas". Má éiríonn leis b'fhéidir go ndéanfaidh mé aistriúchán air "Piles after Miles".

4 comments:

  1. Comhghairdeachas, a chara!

    Mo chuimhne, bhí mé i mBaile Átha Cliath ag an deireadh seachtaine, ag fanacht le gaolta liom, i dteach ina bhfuil páistí óga, agus cé a bhí i gcomhluadar liom féin agus le mo chéile sa leaba inar cuireadh muid - Spongebob Squarepants!

    ReplyDelete
  2. Tá sé deacair an fear buí féin a sheachaint nuair atá páistí timpeall.

    ReplyDelete
  3. Tá diallait níos compordaí ag teastáil uait!

    Dála an scéil, thth > t i nGaeilge:

    ath + tosnú > atosnú

    ReplyDelete
  4. Ní raibh a fhios sin agam Dennis. Ag Googláil feicim samplaí de 'atosnú', 'ath-thosnú' agus 'aththosnú'. Táim cinnte go bhfuil an ceart agat ach an bhfuil foinse agat don riail sin?

    ReplyDelete