24.5.10

Uathachas agus MMR.

In aineoinn teideal mo bhlag, is annamh a dhéanam tagairt ar bith don uathachais nó na conspóidí a ghabhann leis, ach feicim inniu go bhfuil an Dr Wakefield scriosta ón gclár ag an GMC i Sasanna. An Mr Wakefield a thugfar air as seo amach?

B'é Wakefield an duine a chur tús leis an agóid i dtaobh an instealladh MMR nuair a léirigh i 1998 sé go raibh baint aige leis an bhfás a tháinig ar rátaí uathachais ar fud an domhain. Bhuel, sin a mhaígh sé ar aon nós, agus, ba leor sin roinnt tuistí a scanradh agus tháinig laghdú mór ar líon na leanaí a ghlac an instealladh céanna. Tháinig ardú suntasach freisin i líon na leanaí a fhaigheann bruitíní agus caithfidh Wakefield roinnt den fhreagracht a ghlacadh as ucht sin.

Ó thús áfach, níor ghlac triomlach na n-údáráis sláinte lena obair agus d'fhoilsíodh roinnt taighde a léirigh nach raibh baint ar bith idir MMR agus Uathachas agus deirtear go bhfuil an córas imdhíonadh sábháilte chomh maith. Is fíor a rá áfach, nach bhfuil taighde doshéanta ann fós a léiríonn sábháilteacht an chórais imdhíonadh do ghach éinne, go háirithe leanaí a bhfuil uathachas láidir ina gclainn cheanna féin.

Dár ndóigh níl taighde ann ach oiread a léiríonn cad ba chúis le huathachas agus cén fáth go bhfuil ardú dochreidte tagtha ar a leitheadúlacht le fiche bliain anuas, agus go dtí go bhfuil, beidh an éiginnteacht ann ag cur brú ar thuistí agus tá sé níos éascaí ansin do chaimiléirí airgead a ghearradh orthu chun gach saghas bréag a dhíol.

Mar a thárlaíonn, tá aithne agam ar na daoine a fhoilsíonn an suíomh www.autismsupport.ie agus caithfidh mé a rá nach gcuireann sé ionadh in aon chor orm go bhfuileadar sásta a leithéid de chacamais a fhoilsiú ag cur ina luí ar thuistí gurb fhiú Reiki nó Homeopathy a thriail. Is maslach an teachtaireacht í seo agus léiríonn sé domsa nach bhfuil meas muice acu ar an fhírinne, ach tá sé níos náirí fós go bhfuil an rialtas ag caitheamh bhur airgead ag tacú leo.

Luath nó mall, tá a lá ag teacht, mar a tháinig lá Wakefield ar deireadh, inniu.

6 comments:

  1. Bhuel, ní chuirfinn leigheas hoiméapatach as an áireamh go hiomlán, mar chuid de chuir chuige iomlán.

    Tá Siondróim Asperbergers ar mo mhac, agus tá an cuma air go gcuidíonn leigheas hoiméapatach leis faoiseamh áirithe a fháil.

    Ceist chigilteach atá san rud seo ar fad; níl muid ach ag tús ár dtuiscint ar feidhmiú na hintinne.

    Agus go dtí go mbíonn tuiscint iomlán ann, beidh idir daoine saonta, díograiseoirí agus gan amhras díoltóirí ola nathrach fairsing.

    ReplyDelete
  2. Go raibh maith agat as an mblagmhír seo. Tá mé díreach tar éis URL an ailt faoi dheireadh Wakefield a chur chuig cúpla cara liom ar dochtúirí iad. Tá a fhios agam gur crá croí dóibh an faitíos-gan-bhunús faoi MMR.

    ReplyDelete
  3. Aontaím leat go phointe Aonghus ach ní féidir liom aontú leat faoin Homeopathy. Níl taighde ar bith ar domhan a léiríonn éifeacht ar bith thar an éifeacht placebo. Ní hé sin le rá nach éifeacht chumhachtach an éifeacht placebo áfach, rud a chiallaíonn gur féidir maitheas a bhaint as aon rud má chreideann daoine ann. Mar a dhúirt tú, níl tuiscint againn ar fheidhmiú na hintinne.

    Tá scéal greannmhar agam faoin Homeopathy agus déanfaidh mé é a fhoilsiú i gceann lá nó dhó.

    ReplyDelete
  4. Táim amhrasach faoi, ach níl mo bhean. Ach tá amhras orm freisin go bhfuil freagra iomlán san éifeacht placebo - ní dóigh liom go míníonn sé sin an éifeacht le leanaí óga.

    Sílim go bhfuil cuid den freagra in iomláine an chuir chuige ag lianna, an am a caitear.

    Ceist oscailte, sílim.

    ReplyDelete
  5. Deir na dochtúirí a bhfuil aithne agam orthu go bhfuil an t-am a chaitear le hothar agus an rud a dtugann duine acu “the laying on of hands” air, go bhfuil siad seo thar a bheith tábhachtach, agus nach bhfuil deis acu go minic é seo a dhéanamh mar ba cheart.

    Dála an scéil, a Choic, dúirt duine acu é seo faoin alt a thug tú dúinn thuas:

    ... this is actually timely. I am giving a "grand rounds" next week on the topic because I was on a national committee about it several years ago. I hadn't seen this.

    ReplyDelete
  6. Staidéar le déanaí sa British Medical Journal raibh aon ardú i minicíocht uathachas i bpáistí a fuair MMR i gcomparáid leo siúd nach raibh. Na húdair Léirigh freisin gur i leanaí uathacha (idir ASD agus clasaiceach) nach raibh an aois ag a fuair leanbh MMR isteach ar an aois ag a ndearnadh an diagnóis uathachas.

    ReplyDelete