6.8.09

LOL


Seo an fáth nach bhfuil áiseanna ann do dhaoine le mhíchumas. Le buíochas don Bhiorán.

19.7.09

Gealtacht Sheáin na nUiscí mínithe faoi dheireadh.

Ceist a mhair i m'aigne le bhlianta fada anuas ná cúis ghealtacht John Waters. Dé hAoine seo chaite d'fhreagraíodh an cheist.

THE LATE-1970s and 1980s seem to have been for me a series of extended pub conversations
Seán an Uisce Bheatha is cosúil.

18.7.09

Meath mo bhlagsa.

Is gnáth chuid den bhlagadóireacht post a scríobh ó am go chéile ag ceistiú an fiú leanúint leis an obair. Easpa léitheoirí, easpa smaointe, easpa ama, easpa díograis, easpa suime - níl deireadh le liosta fáthanna éirí as. Faraor, is minic a ghéileann an blaglach don chathú agus tá roinnt blaganna Gaelacha ann fiú agus an cuma nach cluinfear a cling go brách orthú.

Cé go bhfuil meath mór tagtha ar m'obair anseo níl mo phort seinnte fós. Tá athdhreachtú an bhunreacht fós le déanamh, tá'n fód fós á sheasamh ag Micklow (cé a cheapfadh!), tá tuairisc ar an sraith dheireannach den tSreang fós le scríobh agam (glac liom go dtí sin - bhí sé thar barr arís!), tá coiscíní nua curtha ar na comharthaí gan chiall ag Comhairle an Chontae ar an N11, mo smaointe ar An Bord Spin Nua agus na céadta rudaí eile gur gá trácht a dhéanamh orthú.

Fan liom.

19.6.09

Focal nua.

Ar thug sibh fé ndeara an focal nua a chum mé cúpla phost síos an bhlag? Seo íomhá den ní ar a raibh mé ag iarradh tagairt a dhéanamh:


Bhíos réasúnta cinnte cén Gaeilge a chuireadh na Foclóir air sin, agus i ndáiríre, chuir sé as dom. Íosa mac Aonghusa - nílim i gcoinne fás agus forbairt aon teanga ach nach ndéanfaidís iarracht éigin? Amannta tá'n cuma air gur
"in-deoic in de stadhl obh madhls na gopaleeen bhír lucaing at fbhen riadaing dis sort obh ting."

Ar aon nós, dhiúltaigh mé leis an aistriúchán oigifiúil agus chum mé focal nua Gaelach a chaomhaíonn bun bhrí an fhocail Francach. Dár ndóigh, rinne mé cuardach Google ar mo fhocal nua agus ní raibh toradh ar bith ann. Ach anois ...

17.6.09

Guthán Galánta Gaelach

Tabharfaidh sibh faoi dheara an nasc sa cholún ar dheas ag fógrú an Samsung Tocco. Is ar dhá mórfháth atá an nasc sin ann agam. Ar an chéad dul síos, tá O2 chun €10 a thabhairt don IAA do chuile Tocco a dhíoltar i Mí Meitheamh agus cinnteofar go bhfanfaidh an €10 sa chontae ina cheannaítear an guthán. An dara fáth ná go bhfuil tacaíocht ag an Tocco dár dteanga álainn ársa. Maith sibh Samsung!