31.12.10
21.12.10
An lá i ndiaidh amáraigh!
Nuair a d'éiríomar ar maidin bhi dath aisteach oráiste ón bhfuinneog agus nuair a tharrangamar na cuirtíní bhí ionadh orainn síobadh dochreidte sneachta ag séideadh ar nós radharc ón scannán thuasthagartha a fhesicint. Níl a leithéid feicthe agam riamh cé go bhfuil sé stoptha anois, tá os cionn 20cm de shneachta againn anois.
Chaith mé an maidin ós comhair an tí ag glanadh an cosán agus an céide ionas gur féidir linn carr a bhogadh más gá. Tá caranna ag sleamhnú ar fud na háite agus thógamar ár gcarr féin isteach ón mbóthar ar eagla na heagla, mar táimid i ndiaidh dhá timpist a fheiscint cheanna féin agus caranna ag iarradh tiomáint aníos an chnoc.
Cé chomh mór is a bhí na calóga shneachta?
Chomh mór le chispheil.
Dár ndóigh tá na scoileanna go léir dúnta arís, ach fuaireamar téacs ón meanscoil le URL chuig an suíomh idirlíne le obair bhaile ann dos na daltaí. Thaispeáin mé an téacs do m'iníon agus seo a dhúirt sí:
Obair bhaile? The fuckers!
ASG!
20.12.10
Éirigh suas a theachta agus seas i gcóir an Dáil ...
... comhairigh do chuid vótaí agus féach a' bhfuil siad ann.
Mar is eol daoibh, sheol mé ceisteanna chuig polaiteoirí áitiúla ar cheap mé go mbeadh siad in iomaíocht san toghchán atá romhainn. Tá seachtain shleamhain sleamhnaithe tharainn anois agus is ábhar díomá dom nach bhfuil ach freagra amháin faighte agam.

'Siad éirígí an t-aon slua a bhfuil i ndiaidh freagra a thabhairt dom ach 'séard a bhí le rá acu ná nach mbeidh siad san iomaíocht in aon chor san toghchán amach anseo, cé go bhfuileadar sásta na geallúint a thabhairt mar a leag mé amach iad dóibh.
Tá'n Nollaig ag bualadh isteach orainn anois agus beidh sí linn ar feadh seachtain nó dhó ar a laghad agus is beag baol go gheobhaidh mé freagra ar bith eile go roimh fáinne geal na hathbhliana.
Tá'n Nollaig ag bualadh isteach orainn anois agus beidh sí linn ar feadh seachtain nó dhó ar a laghad agus is beag baol go gheobhaidh mé freagra ar bith eile go roimh fáinne geal na hathbhliana.
Mar a sheasann cúrsaí mar sin, 'siad éirígí an t-aon páirtí go bhféadfainn tacaíocht a thabhairt dóibh san toghchán, ach ní bheidh siad san iomaíocht ar lá na vótaí!
Ta'n daonlathas seo casta, nach bhfuil?
14.12.10
Crann Nollag Nua.
Cheannaíomar an crann nollag aréir, seachtain nó mar sin níos déanaí ná mar is gnáth dúinn, de bharr an sneachta sleamhain is dócha. Nuair a d'fhilleamar abhaile inniu i ndiaidh na scoláirí go léir a bhailiú bhí boladh agus cumhracht an chrainn ag fearradh fáilte is fiche romhainn.Is aoibhinn liom an Nollaig.
7.12.10
Cad a dhéanfadh mac an chait ... srl
An bhfaca éinne frontline aréir? Léiriú náireach ar an smacht atá ag an uasaicme ar RTÉ agus ar an tír i gcoitinne a bhí ann. Bhí aire FF, tráchtaire ón IT (léine gorm), iar-theachta FF agus léachtóir polaitíochta ó DCU. Ní raibh mé ag súil le mórán ó Martin, Carey nó Behan ach baineadh geit asam nuair a mhaígh an t-ollamh úd go raibh gá againn le Fhianna Fáil agus go mbeadh muid thíos leis dá ndéanfaí aon dochar don córas dhá-páirtí-go-leith atá againn. Bhíos ar fiuchadh feirge ag breathnú air agus táim fós. Cheapfá b'fhéidir go raibh an t-ollamh in ainm 's a bheith údarásach agus neamhspleách faoin cheist, ach ní fhéadfadh sé a bheith níos aontaobhaí ina dtuairimí dá dtosnódh sé ag gol
For god's sake, don't bursht de party.
Is dócha nach mbeadh sé cothrom FG a chrochadh ar bhonn a dúirt an Chéireach, nó an LO ach oiread, bíodh 's nach rabhadar ann in aon chor, ach ní fhéadfá a bheith dóchasach faoin todhchaí ag breathnú ar an mbolscaireacht suarach seo.
Tá na litreacha réidh agam agus níl le déanamh anois ach seoladh ríomhphoist a aimsiú dos na iarrathóirí anseo i mo dháilcheantair féin.
Seo dhaoibh a bhfuil ar intinn agam seoladh.
A Chara,
Anois 's atáimd ar tí toghcháin táim ag iarradh do thuairimí i leith conas caiteachas an stáit a laghdú ar shlí cóir agus cothrom. Tá mé ag seoladh na ceisteanna chéanna do gach iarrathóir atá suíochán á lorg acu i gCill Mhantáin agus tá sé ar intinn agam na freagraí a fhaighim a roinnt go phoiblí ar mhaithe na follasachta.
Tá trí bun-pholasaithe ar mhaith liom iad a fheiscint mar pholasaithe aon Teachta Dála nó páirtí ar a mbronnfaidh mé tacaíocht. Ní féidir liom ar mo choinsias vóta a thabhairt d'aon iarrathóir nach n-aontaíonn leis na polasaithe seo, nó nach bhfuil in ann polasaithe níos fearr a nochtú dom. Tá mé ag scríobh chuig chuile iarrathóir i mo dháilcheantar féin chun a dtuairimí futhu a lorg.
I) Deireadh le faoiseamh cánach ar phinsin príobháideacha. Mheas Tuairisc an Choimisiúin um Cáineachas (2009) (Cuid 8, Roinn 14.1) go bhfuil idir €2bn agus €3bn á thabhairt ag an stáit mar fhaoiseamh cánach ar airgead a chuirtear ar leataobh do phinsin príobháideacha gach bliain. Nuair a chuirtear san áireamh nach bhfuil pinsean príobháideach ach ag 50% nó mar sin do oibrithe na tíre, agus ag glacadh leis gurb iad an 50% is saibhre don mórchuid atá i gceist anseo, ní féidir a thuilleadh a bheith ag gearradh cánacha ar chuile dhuine chun an buntáiste seo a bhronnadh ar an leath is saibhre den phobail.
Nílim sásta vóta a thabhairt d'aon iarrathóir nach ngeallann an faoiseamh cánach seo a stopadh go hiomlán. An bhfuil tú sásta an gheallúint seo a thabhairt?

II) Tá an rialtas i ndiaidh teacht ar réiteach leis an IMF agus an AE chun bainc na hEorpa a shábháil agus is saoránaigh na hÉireann a bhéas thíos leis. Táim den tuairim go bhfuil rialtas na hÉireann fé ghabháil ag na bainc agus slua suarach an rachmais anois agus is soiléir go rabhadar ó thús na géarchéime i leith. Ar aon bhonn morálta, níl féidir iallach a chur ar shaoránaigh na tíre na bannaí seo a aisíocadh. Bhí a fhios dár liom ag lucht cheannaithe na mbannaí seo go raibh an tír faoi smacht ag comhcheilg coiriúil ón am sin i leith agus ghearradar rátaí úis dá réir. Bhí a fhios chomh maith acu go raibh amhras ann faoin ndóchúlacht go n-aisíocfaí na bannaí. Mo thrua leo, ach tá lá an chinniúna tagtha, agus níl sé ar chumas saoránaigh na tíre na fiacha seo a íoc.
Nílim sásta vóta a thabhairt d'aon iarrathóir nach ngeallann faillí a dhéanamh ar aon bhanna a eisíodh i ndiaidh Deireadh Fómhair 2008. An bhfuil tú sásta an gheallúint seo a thabhairt?
Nílim sásta vóta a thabhairt d'aon iarrathóir nach ngeallann faillí a dhéanamh ar aon bhanna a eisíodh i ndiaidh Deireadh Fómhair 2008. An bhfuil tú sásta an gheallúint seo a thabhairt?
III) Tá sé soiléir anois go bhfuil an aicme polaitíochta agus uasaicme an státséirbhís atá ciontach as an ngéarchéim ina bhfuilimid, fós ar mhuin na muice ag glacadh tuarastail agus pinsin ollmhóra nach bhfuil sé ar chumas na tíre íoc astu a thuilleadh. Táim den tuairim gur mba chóir uasthuarastal a chur i bhfeidhm fad is atá an tír i bpráínn de €100k. 'Sé sin, ní chóir go mbeadh aon duine fostaithe ag an Stáit nó faoin chonradh ag aon riain den stáit ag tuilleamh níos mó ná €100k in aghaidh na bliana. Níl an t-airgead ann chun pingin níos mó a íoc d'éinne. Ar an dóigh chéanna, ba chóir dár liom uasphinsean a chuir i bhfeidhm chomh maith. Ní chóir go mbeadh an stáit ag íoc pinsean níos mó ná €50k d'éinne.
Nílim sásta vóta a thabhairt d'aon iarrathóir nach ngeallann uasthuarastal €100k agus uasphinsean de €50k a chur i bhfeidhm fad is a mhaireann an ghéarchéim. An bhfuil tú sásta an gheallúint seo a thabhairt?
Go raibh maith agat as ucht an t-am a thóg sé ort an méid seo a léamh. Tuigim go maith go mbeidh tú gnóthach amach anseo i mbun feachtais toghchánaíochta ach tá súil agam go bhfaigheann tú leathuair nó mar sin chun mo cheisteanna a fhreagairt.
Is mise le meas ... srl
Níl ach bréigín bheag amháin ann - níl sé ar intinn agam an litir a sheoladh chuig iarrathóirí Fhianna Fáil nó na Glasraí. Tá a bhfreagraí againn cheanna féin.
Fáilte roimh bhur dtuairimí sula seolaim an méid seo.
Subscribe to:
Posts (Atom)