14.11.08

Bunreacht na hÉireann


Is minic a iompaítear chun dlí iadsan le Míchumas sa tír seo. Fiú sa mhílaois nua, níl cearta iomlána bainte amach ag saoránaigh le míchumas corptha, inchinne nó foghlamtha.

Is drochscéal fada í stair an fheachtais cothrom na féinne a ghóthú.

Is minic a bheireann an rialtas bua ar iadsan nach nglacann le leath-bhuilín. Is minic freisin go dtagann siad ar "chomhréiteach ar na céimeanna" mar a thugtar air. Don Stáit, seo an slí is fearr chun cintiú nach gcailleann siad cásanna a bhunódh fasach ceangailteach agus an ní chosnaíonn an beart ach suimeanna mhóra airgead - airgead dhaoine eile, dár ndóigh.

Ach, mar a deirtear, 'An rud is annamh is iontach'. Ó am go chéile buailtear bob orthú. I dtaobh míchumas foghlamtha is iad cásanna O'Donoghue agus Sinnott is mó a bhfuil cáil orthú. Ó iompar an Stáit ó 1993 i leith áfach, is soiléir nach bhfuil mórán athrú tagtha ar bhunmeoin na stáitséirbhísigh i leith saoránaigh le mhíchumas.

Níl dabht ar bith ann freisin ach go bhfuileadar lán sásta brú a chur ar saoránaigh tré iallach a chur orthú iompú chun dlí agus an mórbhaol ann go gcaillfidís uile trí fhéimheacht.

Is iomaí modh muc a mharú dár ndóigh ach feictear dom go bhféadfaí an míchothromaíocht seo a athrú tré bhunreacht na hÉireann a athrú. Is é bun reacht na tíre é. Mura gcosnaíonn sé cearta saoránaigh le míchumas, caithfear é a aistriú. Ach cén sliochtanna a athróinn? B'fhearr tosnú ar leathanch a h-aon agus leanadh ar aghaidh go dtí go bhfuil sé curtha ina cheart agam. Leathanach are leathanch. Airteagal ar airteagal. Sliocht ar sliocht. Focal ar focal. Litir ar litir, más gá.

Seo an fhoinse atá i n-úsáid agam.


Tógfaidh sé cúpla lá ar a laghad. Bígí foighneach.

No comments:

Post a Comment