27.11.08

There's Mice in the Hice ...

... mar a deirtear ó thuaidh.

Le seachtain nó dhó anuas tá cuairteoirí gan chuireadh tar éis lonnú sa teach s'againne. Ní gá a rá nach bhfuil na mná sásta in aon chor. Bheireas ar beirt acu leis an ieóc seo:

(Na lucha, sé sin le rá - dá bhféadfaí breith ar mná lena leithéad, cé a dhéanadh faire ar Joe Burke?) Oibríonn sé mar a fhógraítear agus ní gá na créatúir bhochta a mharú ach níl ach ceann amháin againn agus tá foighne cailte ag mo bhean anois.

Tá mo chuid fhearúlacht curtha i gceist anois aici agus níl sí ina codladh sa leaba phósta a thuilleadh de bhrí go bhfaca muid ceann d'ár cairde nua sa seomra úd lá nó dhó ó shin. Tá na gleasanna seo scaipthe ar fud an tí anois agam:

Aréir do maraíodh an chéad luch.

"Better luch next time" mar a déarfadh Myles na gCopaleen.

Seans maith ann go dtógfaidh sé cúpla lá í féin a mhealladh ar ais áfach. Má tá smaointe agaibh conas an seal seo a thapú, tá mé ag éisteacht!

No comments:

Post a Comment