2.4.09

Lá Domhanda Aitheantas Uathachais


Is inniú an Lá Domhanda Aitheantas Uathachais. Ar an 18ú lá de mhí na Nollaig 2007 ghlac Comhdháil Ginearálta na Náisiúin Aontaithe le rún 62/139 ón gCatar a shocraigh an 2ú d'Aibreán mar Lá Domhanda Aitheantas Uathachais as seo amach.

'Sé aidhm an lá ná aird an domhain a dhíriú ar dhúshlán an uathachais agus chun luath fáthmheas agus luath idirghabháil a chur chun cinn agus chun an fás imníoch atá le sonrú le blianta anuas ar líon na daoine atá ar an speictream a chuir i mbéal an phobail domhanda. Nuair atá an fadhb léirithe is mó an seans go ndéanfaí rud éigin faoi!

Anuraidh, do scrios Rí na nGaimbíní an ócáid in Éirinn tré fógairt go raibh sé, faoi dheireadh, chun éirí as a phost, rud a bhain aird gach meán uainn ar an lá, agus don seachtain iomlán ina dhiaidh. Tá súil dá bhrí sin agam nach éagann an maistín inniú - ach a leithéid de 'chara' le lucht an mhíchumais ní bheidh arís againn agus cá bhfios nach buailfidh an bastún bob eile orainn. Go bhfóire Dia air - don lá seo ar aon nós.

Beidh clár d'eachtraí ar siúl a feadh an lae. Chuile eolas ar fáil anseo - bainigí sult as.

2 comments:

  1. Maith thú! :)
    So cool to have a blog in Irish. I'm impressed... I don't understand a word yet, but I'm impressed :D

    chuckles

    ReplyDelete
  2. Go raibh maith agat chuckles. Go n-éirí leat le foghlam na Gaeilge. Seo scannán beag a léiríonn cad atá i ndán duit agus nuair atá tú réidh bogadh go hÉireann. Bain sult as!

    ReplyDelete