8.2.10

Athionsaí na Luch

Táid ar ais.  Mharaíomar ceann roimh an Nollaig ach níor insigh mé di féin é, agus ní raibh a fhios aici go rabhadar ar ais go dtí an seachtain seo chaite nuair a bhí rince agus spraoi ar siúl ag ár cuairteoirí faoi bhun an úrlár oíche amháin.  Is dócha gur domsa a thiteann an dúshlán arís agus tá m'fhearúlacht curtha i gceist aici fiú!

Tá'n slua beag lán ábalta cáis a bhaint ó na gaistí gan iad a scaoileadh agus an comhairle is déanaí ná an cáis a ghreamú le super-glue chun bac éigin a chur ar na béilí.
Tá cúpla plucóid ultrasonacha againn freisin, a cheapamar gur mhínigh easpa cuairteoirí le bliain beag anuas, ach i ndáiríre, ní fiú faic iad agus chualamar an rince ar siúl faoi sheomra ina raibh ceann ag cliceál leis.

Tá sí féin lán dáiríre áfach: mura dhíbrím na bastaird beaga tá sí chun glaoch a chur ar an tslua seo, agus íoc as le mo
chártasa! 

2 comments:

  1. Roinnt blianta ó shin d'iarr mé féin ar an dream sin teacht amach. Tháínig fear agus rinne suirbhé saor in aisce. D'aimsigh an áít a raibh na lucha ag teacht isteach (poll faoi bhun an dorais cúil). Dhúnamar an poll agus b'annamh fadhb ina dhiaidh sin againn. D'éiríodh le ceann nó dó éalú isteach teacht an gheimhridh. Táím ag ceapadh go ndreapaidís planda le taobh an tí is go dtiocfaidís isteach faoin díon. Fuaramar réidh leis an bplanda.

    ReplyDelete
  2. 'Sea, sin an chomhairle a thugann gach duine: an slí is fearr fáilt réidh le lucha sa teach ná gan ligeant isteach dóibh sa chéad áit.

    Ar aon nós, rinne an super-glue an beart agus tá'n céad ceann maraithe againn. Bhailíomar naonúr anuraidh (6 marbh & 3 beo), so tá obair fós le déanamh. Ach ar a laghad táim cinnte anois gur lucha atá againn agus ní francaigh!

    ReplyDelete