20.8.10

Go sábhála dia sinn ...

... dá mbeadh a leithéid ann.   Is dócha áfach nach bhfuil agus b'fhearr go mór dúinn gan a thuilleadh ama a chur amu ag iarradh é nó í a shásamh.

I ndiaidh dom saothar Phullman a léamh cúpla mí ó shin thosaigh mé ar 'The History of Christianity' le Diarmad McCulloch, ach is léitheoir fiór-mhall mé de réir dealramh, mar nílim fós ach tuairim is dhá thrian tríd go dtí seo.  Ní hé sin le rá nach bhfuil mé an tógtha leis mar leabhar.  Táim.  Tá sé thar a bheith suimiúil fás, borradh agus fréamhú an chreidimh a bheith leagtha amach thar na céadta ach níl sna scoilteanna agus athscoilteanna domsa ach tuilleadh fáthanna chun draíocht chríost a shéanadh.  Má tá dia chríost ann áit éigin sna scamaill is cinnte gur fíor bheagán dá slua a bhainfear aníos go neamh iad ar lá an chinniúna, mar tá an oiread sin athraithe déanta thar na cianta nach féidir a mhaíomh a thuilleadh go bhfuil na críostaithe fiú ag leanúint toil dé, pé hé nó hí.

Ach mar a dúrthas i dtús, níl agus ní gá dá bharr a bheith buartha faoi sean-scéalta na nGiúḋach níos mó, ach amháin mar ábhar suime do pháistí (idir óg agus aosta!)

Ag athléamh arís dom sula mbrúm 'Foilsigh' feicim na focail
'toil dé pé hé nó hí'
agus measaim gur bhunús maith mantra aindiach iad.  Cad a cheapann sibh?

6 comments:

  1. 'toil dé pé hé nó hí'

    Nó b'fhéidir gur Pearsa neodrach neamh-inscneach is ea é / í?

    "Toil Cé" a bhíodh ag Áine ina blag: http://miseaine.blogspot.com/

    ReplyDelete
  2. a bhíodh - "a bheadh ag Áine" is dócha gur cirte a rá.

    ReplyDelete
  3. Toil Cé?

    Cliste - is maith liom é.

    ReplyDelete
  4. Go raibh maith agat...:-)

    ReplyDelete
  5. Anonymous22/8/10 02:11

    This comment has been removed by the author.

    ReplyDelete
  6. Anonymous22/8/10 02:19

    Léigh tú leabhair, ach an dtig leat bonn a thabhairt leis an amhras atá ionat?

    ReplyDelete