28.2.10

Tuairisc Míosúil

Le deireadh an dara mí sroichte agam is féidir liom a rá go bhfuil dul chun cinn suantasach déanta agam. 85kg atá ionam anois, sé sin 9kg caillte ó thús bhliana agam. Táim sásta le sin, ach amháin gur cailleadh 6.5kg i Mí Eanáir agus 2.5kg i Mí Feabhra. Táim i ndiaidh turas níos faide (33km) a chur ar mo chlár seachtanúil, ach ó bhíos fíor ghnóthach le dhá seachtain anuas, agus níor éirigh liom ach dhá turas in aghaidh na seachtaine a dhéanamh, tá seans ann nár bhain mé an oiread tairbhe as an aistriú sin fós.

Ag breathnú ar na staitisticí is soiléir go bhfuil feabhas mór tagtha ar an luas méanach atá fúm ó thúṡ bhliana i leith. An t-aon slí ciallmhar eolas a bhaint astú ná an fad iomlán a roinnt ar an am iomlán gach seachtain. Sa chéad seachtain bhíos in ann 394 méadar a dhéanamh gach nóiméad. Le déanaí tá 426 méadar sa nóiméad ar mo chumas agam!

Fós féin, ní féidir ach a bheith sásta lena bhfuil bainte amach go dtí seo agam. Dá gcaillfinn 9kg eile ó seo go Lá Buí Bealtaine, bhéinn lúcháireach tríd is tríd.

2 comments:

  1. Comhghairdeas! Coinnigh ag dul...

    ReplyDelete
  2. Sin cloch amháin agus beagnach sé phunt de mhoirtéal bainte agat den fhorbhalla! De réir a chéile a athchóirítear an caisleán.

    ReplyDelete