1.7.10

Ag comhaireamh na laethannta.

Ó tháinig an rialtas seo i réim trí bliana ó shin, tá an fiachas náisiúnta méadaithe dhó acu.  Tá dífhostaíocht méadaithe thrí acu.  Tá sé deacair a thuar cad go bhféadfaidis a dhéanamh anois chun an scéal a chur chun olcais arís. Ionradh a dhéanamh ar an Rúis?

An mbeidh sochaí fágtha againn nuair a bheidh Grianna Fáil curtha as oifig?  An féidir dhá bhliain eile a sheasamh?

2 comments:

  1. Anonymous1/7/10 13:59

    Tá súil agam go bhfuil stuaim agus tíos agus ionrachas ag státaire a thiocfadh chun cinn.

    An súil in airde é seo atá thar fóir amach?

    Fearn

    ReplyDelete
  2. Táimid uile ag fanacht fós, a Fhearn, agus níl éinne tagtha go dtí seo, ach is dócha gurb fhearr déanach ná riamh.

    ReplyDelete