19.7.10

An dtaithníonn an litriú seo leat?

Tá aiste ghearr le scríobh agam agus ar mhaithe an chruinneas rinne mé Gaelspell a shuiteáil.  Iontach cabhrach an bogearra é, a fhágann líne dhearg faoi bhun aon fhocal nach bhfuil sé sásta le, i dtaobh gramadaí nó litriú de.  Dár ndóigh, caithfear a bheith cúamach fós (ní dhéanann sé gearán má mheascann tú siúl agus súil, mar shampla) ach bíonn na fadhbanna céanna le seicealaí litirthe in aon teanga.

Ag ceartú m'obair ansin thug mé fá ndeara go raibh líne bheag faoi bhun an fhocail 'taithníonn' sa ghiota bheag seo:
Cé go dtaithníonn ...
Rinne mé gach saghas athrú air chun an líne rua a dhíbirt gan sásamh, go dtí go rabhas cinnte go raibh botún éigin sa seiceálaí litrithe.  Rinne mé Gúgláil ar 'taithníonn' agus is léir go bhfuil sé i ngnáthúsáid ar fud na cruinne.  Cad chuige an líne dearg mar sin?  Ar deireadh, bhain mé an 'h' sa lár - BINGO!

Cad sa tSioc?  (M'iarracht ar WTF, cad a cheapann sibh?)   Isteach láithreach chuig FGB Uí Dhónaill liom agus sin é.  Níl 'h' i lár taitníonn!  Dochreidte! Táim i ndiaidh leath de mo shaol a chaitheamh ag ceapadh go raibh.  Tá 'taithin' sa FGB mar leagan eile de taitin mar a thárlaíonn, ach ní bhfuair GaelSpell an meabhrán is dócha.

Cén fáth nár oscail mé FGB i dtús?  Bhuel, bhíos chomh cinnte sin go raibh mé i gceart nár shíl mé go raibh gá.  Aisteach a rá nár smaoinigh mé ar FGB a úsáid ach chun a chinntiú go raibh 'taitníonn' mícheart.

Cad a cheapann sibh.  An bhfuil taithníonn caighdeánach, nó nach bhfuil?

13 comments:

  1. Is léir nach bhfuil! Ach más leagan eile é, de réir Ó Dónaill, níl sé mícheart.

    Tá leaganacha eile ag Ó Dónaill seachas ní cinn caighdeánacha amháin, mar is ceart i bhfoclóir. Ach cloíonn Gaelspell do dlúth leis an gcaighdeán, de bhrí gurbh é sin a bheidh daoine ag súil leis.

    (Taitnimh ceann de na focail a bhfuil deacracht agam féin leo)

    ReplyDelete
  2. na cinn caighdeánacha

    ReplyDelete
  3. 'Sea. Is dócha go raibh sé deacair é a fheiscint mar tá an dara 't' i 'taitin' séimhithe sa chaint, nó im' chaintse ar aon nós. B'fhéidir nach bhfuil i gcanúintí áirithe?

    ReplyDelete
  4. Is fearr liom fanacht glan ar cheisteanna mar sin! (Bheadh sé séimhithe agamsa fosta)

    ReplyDelete
  5. “Taithnigh” atá ag Mícheál Ó Siadhail in Learning Irish, cur síos ar Ghaeilge Chonamara, agus tá “taithin, mara dtaithneodh, mara dtaithníodh, taithneachtáil” in An Teanga Bheo: Gaeilge Chonamara.

    Cad sa tSioc? (M'iarracht ar WTF ...

    Is maith liom é! Ach níl an ‘t-’ ag teastáil (cé go gcloistear é), ós rud é gur focal firinscneach “sioc”.

    Cad sa sioc?!

    ReplyDelete
  6. GRMA Dennis.

    Sampla dochreidte eile ansin agat. Is minic a chloistear an nath 'is cuma sa tsioc ...' agus is ar sin a bhunaigh mé m'iarracht.

    An bhfuil tú ag rá anois liom go mba chóir é a scríobh 'is cuma sa sioc' in aineoinn go mbíonn urú ar sioc sa chaint?

    Airím go bhfuil mé faoi mí-bhuntáiste Gaeilge labhartha a bheith agam, go háirithe nuair is ar scoil a d'fhoghlaim mé mo Ghaeilge agus de bhrí sin is breac-chanúint atá agam, meascán de Ghaeilge Chonnachta agus Gaeilge na Mumhan don mórchuid, ag braith ar cá háit go díreach ar togadh na múinteoirí. D'fhéadfaí Canúint Átha Cliath a ghlaoch air ach ní sheasann sin mar leithscéal ar bhotúin ghramadaí sa tslí is gur féidir le muintir na Gaeltachta éalú ón gcaighdeán.

    Cad sa Sioc?

    ReplyDelete
  7. Is minic i ngach teanga, ní sa Ghaeilge amháin, go bhfuil bearna suntasach idir an teanga labhartha agus an teanga scríofa go foirmiúil.

    Ach bímid ró bhuartha faoi sa Ghaeilge, sílim. Ambaist!

    (Cad sa tsioc a bheadh scríofa agamsa freisin! Ach is cuma sa tsioc faoi sin!)

    http://googlefight.com/index.php?lang=en_GB&word1=is+cuma+sa+tsioc+liom&word2=is+cuma+sa+sioc+liom

    ReplyDelete
  8. Maidir leis an ‘t-’ ar lorg réamhfhocail, is ceist chanúna é seo (mar is iondúil).

    Sa Chaighdeán:

    an sagart - ag an sagart

    an tsráid - ar an tsráid


    Ach i nGaeilge Uladh:

    an sagart - ag an tsagart

    an tsráid - ar an tsráid


    Cloistear rudaí mar sin sa Deisceart freisin, ach ní go rialta: sa tseomra, sa tsneachta, sa tsnámh, agus in Íochtar Chonnacht: ar an tsaol, sa tsiopa.

    Níl rialtacht le fáil ach sa Chaighdeán!

    ReplyDelete
  9. 'Céard sa diabhal' a bheadh agam féin, a fheara, agus ní bheadh fadhb agaibh leis an 't' sin ansin...;-)

    A Choc, an chéad uair eile a bheas líne dhearg faoin bhfocal, cuir do chúrsóir i lár an fhocail, brú ar dheis ar an luch, agus ba chóir go dtabharfar cúpla rogha focal eile duit. Seans go bhféadfadh ceann acu bheith ceart.

    Tiocfaidh tú isteach ar litriú an chaighdeáin de réir a chéile, más caighdeán atá uait, ar ndóigh...:-)

    ReplyDelete
  10. Tá'n googlefight sin aisteach Aonghus, GRMA.

    GRMA Áine freisin as ucht an cleas sin. Is trua nach raibh eolas agam ar sin roimhe seo.

    ReplyDelete
  11. as ucht an cleas sin

    Bheadh Gaelspell sásta leis sin. Ach dá mbeadh an Deluxe Caighdeánóir 5000 agat, bheadh líne dhearg faoin bhfocal “cleas” agus “chlis” mar rogha amháin agat.
    ;-)

    ReplyDelete
  12. Chlis ar an gcleasaí cliste?

    ReplyDelete