13.7.10

Torthaí an Toghcháin. Chuala sibh anseo i dtús iad,

Ceatharlach-Cill Chainningh. Tuar:  FF-2 (-1) FG-2 (+1) LO-1(+1).
Tá'n Faoiteach marbh anseo agus lán d'fhios sin aici.  Caillfidh FF ceann anseo freisin.

Cabhán-Muineachán. Tuar:  FF-2 (-1) FG-2 (+1) SF-1
Bhí trí cinn ag FF anseo de bharr go raibh ceann comhairle acu an uair dheireannach.  Ach, fiú le vóta fé bhun 30% ba chóir go mbeadh siad in ann dhá suíochán a choimeád.

An Clár. Tuar:  FF-2 FG-2. Mar atá.
Ní féidir dearmad a dhéanamh ar Bhamjee a thóg suíochán anseo gan choinne i 1992 ach níl aon cuma air go dtárlódh a leithéid arís.  Dá dtárlódh, ní fiú faic na blaganna seo!

Corcaigh Thoir. Tuar:  FF-1 (-1) FG-2 (+1) LO-1
Is féidir gurb iad an LO a bhaineas an dara suíochán ó FF anseo ach táim ag ceapadh go mbeidh FG níos láidre.

Corcaigh Thuaidh-Láir. Tuar:  FF-1 (-1) FG-2 (+1) LO-1.  
Deacair aon toradh eile a fhesicint anseo ach tá SF agus an PS san iomaíocht anseo freisin.

Corcaigh Thiar Thuaidh. Tuar:  FF-1 (-1) FG-2 (+1).  Tá vóta dochreidte ag FF anseo.
Is féidir nach gcaillfidh siad suíochán anseo in aon chor agus is faoiseamh dóibh nach bhfuil aon iomaitheoirí dáiríre ón LO nó ó SF anseo, rud a chiallaíonn gur gá go n-aistreodh daoine a thacaíocht díreach ó FF go FG.  Nílim ró-chinnte go n-éireoidh le FG anseo ach táim á thabhairt dóibh ar aon nós.

Corcaigh Theas-Láir. Tuar:  FF-2 FG-2 LO-1. Mar atá.
An mbeidh Kathy Sinnott san iomaíocht anseo arís?  Má tá, an ndéanfaidh sin difríocht don toradh?  Is féidir an cheist chéanna a chur faoi Chris O'Leary atá anois le SF.

Corcaigh Thiar Theas. Tuar:  FF-1 FG-2. Mar atá.
Bhí an t-ádh dearg le FG dhá suíochán a bhaint anseo i 2007 ach beidh siad slán anois.

Dún na nGall Thoir-Thuaidh.  Tuar: FF-1 (-1) FG-1 SF-1 (+1).  Leis an tóin ag titim as vóta FF beidh suíochán úr nua ag SF faoi dheireadh.

Dún na nGall Thiar-Theas.  Tuar:  FF-1 (-1) FG-1 SF-1 (+1).  An scéal ceannan céanna anseo.

Seo dhaoibh mar sin toradh an chéad toghchán eile:

FF-53 (-26) FG-65 (+14) LO-31 (+11) SF-9 (+5) PS-2 (+2) PRB-1 (+1) N-3 GF-2 (+2) 

Tá na tuartha seo bunaithe ar vótaí na bpáirtithe a bheith mar seo a leanas:

FG - 30-35%
LO - 25%
FF - 20-25%
SF - 10%
eile - 5-15%

Tá rud éigin mícheart leis an gcóras nuair a fhaigheann FF 53 suíochán leis an vóta céanna a thuilleas 31 suíochán do LO, agus b'fhéidir go dtiocfaidh slua Bhamjeeanna chun cinn, ach ní féidir a bheith ag súil leo, an féidir?

Dár ndóigh, le toradh mar sin cad is fiú toghchán a bheith againn in aon chor, ach amháin díoltas beag a bhaint amach ar FF as ucht an slad atá déanta acu orainn?

3 comments:

  1. Go raibh míle maith agat as sin a C.
    Tá rud éigin an-ghruama faoina dhosheachantacht.

    Ach seo an rabhadh do lucht na Gaeilge anois díreach. Beidh Fianna Gael i gcumhacht. Ach beidh Páirtí an Lucht oibre leo, agus táid ar a laghad báúil don teanga, ba chóir d'eagrais Ghaeilge an brú a thosnú inniu ag ceistiú PLO a sheasamh ar cheist na Gaeilge sna scoileanna a shainmhíniú. Agus a bheith an-shoiléir le FG cad a cheapann siad.
    Tá go leor polasaithe ag an LO ach ní féidir liom teacht ar cheann a bhaineanns le teanga dhúchas na tíre.

    ReplyDelete
  2. Bhí seo acu mar fhorógra do thoghchán 2007 i leith na Gaeilge.
    Bunús do pholasaí is dóigh!

    ReplyDelete
  3. Dár ndóigh tá difir mór freisin idir pholasaí foilsithe roimh toghchán agus athraithe a chur i bhfeidhm.

    Tagann athraithe oideachasúla ann mall sa tír seo.

    Bhéinn cuíosach sásta athraithe a fhesicint ag dara leibhéal mé féin, a scaradh amach an teanga labhartha ón litríocht i ndá ábhair éagsúla b'fhéidir. Ach níl sé sin molta ag an LO anseo, ná aon áit eile, go bhfios dom.

    Caithfear a admháil go bhfuil sé seafóideach a bheith ag mionscrúdú gnéithe an Dáin Dírigh nuair nach bhfuil bunchumarsáid labhartha ag formhór de dhaltaí meánscoile. Fág an litríocht (nó an mórchuid de ar aon nós) mar ábhar breise dóibhsean a bhfuil suim agus dúil acu dó.

    Beatha teanga í a labhairt. Bás teanga sliochtanna fada de ghlan mheabhar á sceitheadh ar phár gan tuiscint gan smaoineamh i halla na scrúḋaithe.

    ReplyDelete