26.8.10

Críostaithe in adharca a chéile ...

... mar is gnáth.

Bhí alt gearr siumiúil ar chlúdach an IT inné ag cur síos ar léacht a thug ard-easpag Átha Cliath Diarmuid Martin (in Iodáilis mar a thárla) os comhair  shlua chaitlicigh Iodálacha, Communione E Liberazione.

Ní féidir liom a rá go bhfuil mórán eolas agam ar dheighiltí inmheánacha an eaglais áirithe sin, ach níor éiligh an masla a léirigh an Róimh don ard-easpag,  nuair a dhiúltaigh siad le glacadh le éirí as oifig dhá easpaig eile a bhí páirteach sa scanall a nochtaíodh le fhoilsiú Tuairisc Uí Mhurchú an bhlian seo chaite, uaim.

In alt an lae inné deireann an ard-easpag:

“Many foreign observers still think that Ireland is a stronghold of traditional Catholicism. They are surprised to discover, as I was when I returned to Ireland (in 2004), that there are parishes in Dublin where Mass attendance on Sundays is less than 5 per cent, or even as low as 2 per cent in some cases.

“The problem is that many in Ireland and in the Irish church . . . continue to act as if they were still living in a majority Catholic culture . . . ”

Ní féidir liom a shéanadh ach go mbaineann sé geit asam an méid sin a  chloisint ón Mháirtíneach cé gur cinnte go bhfuil an ceart aige - ní tír caitliceach í seo a thuilleadh ach is ar éigin a bhfuil tuiscint ag cheannairí an eaglais ar an fhírinne áirithe sin, in ainneoinn admháil an Mháirtínigh.

Tá'n cuma anois air nach mó ná sásta atá ceannairí eile an eaglais i leith mhacántacht an Mháirtínigh.   Táid ag gearán anois nach raibh aistriúchán go Béarla curtha ar fáil de na raibh le rá ag an ard-easpag.  IAC.

N'fheadar cén fáth nach bhfuil na críostaithe neamhliteartha seo ag lorg aistriúchán go Ghaeilge?

7 comments:

  1. N'fheadar an raibh an tír riamh Caitliceach mar is ceart. Is maith liom briathra soiléire an Mhairtínigh, cuma cén teanga ina labhraíonn sé.

    Maidir leis an méid atá le rá ag an Shuilleabháinach; iriseoir is ea é, le hiris le díol.

    Pé ar bith é, daoine a bhíonn Críostaí, ní tíortha, ná Stáit ná fiú pobail. An duine féin an rud.

    ReplyDelete
  2. Agus maidir le bheith in adharca a chéile; tá sin ann faraor ó aimsir na nAspal.

    ReplyDelete
  3. Dála an scéil, san alt thuas ní fheicim tagairt ar bith do cheannaire eaglasta. Iriseoirí neamh liteartha atá i gceist leis an gclamhsán, feictear dom, seachas ceannairí eaglasta. (Agus sin agat freagra do cheiste maidir le leagan Gaeilge!)

    ReplyDelete
  4. Ceart arís agat i leith an ailt. Ach Ratzinger agus a easpaigh dhílse a bhí i gceist agam .i. gach ceannaire eile seachas an Máirtíneach. Daoine a cheapann gur tábhachtaí cumhacht agus gradam an eaglais ná soineantas agus sábháilteacht leanaí.

    Ach nílim anois ach ag léiriú m'aineolas ar pholaitíocht inmheánach an eaglais, mar is dócha nach mbeadh gá ar bith ag an 'German Shepherd' le haistriúchán?

    ReplyDelete
  5. Níl.

    Tá sé san Iodáil le 25 bliain. Agus aon chinn déag (sílim) de theangacha go líofa aige. Cinnte tá Iodáilis, Laidin, Fraincis agus Béarla aige.

    Tá an amhras orm fhéin faoi go bhfuil oiread na fríde de dhifir ar an gceist seo idir an tArdeaspag agus an Phápa.

    Ainneoin ceist na nEaspag nár éirigh (nach dtuigim i gceart mé fhéin). Bhí alt spéisiúil ag John Allen: go n-amharctar ar Easpag mar athair, agus go mbíonn drogall ar an Vatacáin é a bhogadh - mura bhfuil sé fíor baolach. B'fhearr leo é fhágáil ann chun an phraiseach a rinne sé a ghlanadh suas.

    Tá bóthar fada le dul sula mbeidh sin amhlaidh.

    ReplyDelete
  6. @ 'An duine féin an rud.'

    Sea, ach leis an duine...hmmm

    Tá meas tuillte ag an Máirtíneach, bail óna Ché air, rud nach bhfuil ag comhghleacaí nó dhó leis, feictear dom.

    ReplyDelete