18.3.11

Lá saoire?

Tá mé sa bhaile le m'iníon is óige inniu.  Tá na stumpaí leanaí eile ar scoil cé go raibh lá saoire le bheith acu ach tá a scoileanna ag iarraidh laethanta a cailleadh de bharr an sneachta a fháilt ar ais.  Ar aon nós, tá mé in ainm is a bheith ag staidéar ach níl faic ar siúl agam seachas túíteáil, blogáil agus surfáil.

Dár ndóigh caithfidh mé gach mian an pháiste a fhreastal chomh maith.
Is ait iad mianta mo pháiste.

4 comments:

  1. Cén dath atá ar an mbanana sin?? Is maith an daidí thú!

    ReplyDelete
  2. Tá cuma bán air ceart go leor, ach níor thug mé sin fá ndeara go dtí seo. Mias tírghrách in onóir an lae inné is dócha a bhí ar intinn agam, i ngan fhios dom féin.

    ReplyDelete
  3. Aisteach go leor, tá lí bhándearg air ar mo scáileán.

    ReplyDelete
  4. Chuir sé ocras, agus miongháire, orm, a Choc...:-)

    ReplyDelete