11.3.11

Ní bréag go bolscaireacht.

Caithfidh mé a admháil nach gcorraíonn ceol Bruce Springsteen me in aon chor - n'fheadar an bhfuil mé ró-óg a bheith tógtha leis?  Fós féin ní fhéadfainn a shéanadh go bhfuil tionchar mhór aige ar chultúr ár linne agus aithnítear a cheol ar fud na háite.  Anocht agus mé ag leanúint an t-uafás sa tSeapáin, bhíos ag breathnú ar na cainéil 'nuachta' atá á seoladh ag Sky chugainn ar €30 in aghaidh na míosa, chuimhnigh mé ar an t-amhrán seo.

Ní minic a bhreathnaím ar na cainéil sin ach nuair a bhíonn tarlúint mór mar a bhí againn inniu bíonn sé suimiúil súil a chaitheamh mór thimpeall na cruinne chun an scéal a fheiceáil mar a thuigtear do rialtais an domhain é.  Inniu dár ndóigh bhíodar don mórchuid ar aon ghuth.  Tubaist uafásach ar mhuintir bochta na Seapáine agus gan milleán ar bith le dáileadh ar éinne seachas b'fhéidir Allah nó Dia nó ...

Má bhreathnaíonn tú ar na cainéil seo de ghnáth ní fheicfear ach bolscaireacht bacach ó leithéidí Press TV ón Iaráin, CCTV ón tSín, FOX ó SAM, Sky ó Shasana, France 24 ón Fhrainc, NDTV ón Ind agus an ceann is fearr liom féin, RT ón Rúis.  Bíonn an 'nuacht' seo chomh trédhearcach aon-taobhach go gcuireadh sé ag gáire thú.  De ghnáth bhíonn an 'claonadh' atá acu ar an scéal chomh soiléir sin is go gcaithfear a ceistiú cé go díreach a cheapann siad atá an dalla mullóg á chur acu orthu?

Ag smaoineamh ar cainéil eile ar nós Bloomberg nó MSNBC nach bhfuil rialtais ina mbun, tá claonadh chomh maith le sonrú iontu - táid i bhfábhar an chaipitileachais agus nua-liobrálachas agus níl tú chun éinne a shéanann an mím sin a fheiceáil orthu riamh.  Cad faoi Al jazeera mar sin?  Cad é an scéal leo?  Dár leis na Meiriceánaigh is ionann Al Jazeera agus Al Qaeda ach ní dóigh liom go bhfuil sé sin fíor.  Cé nach bhfuil sé soiléir domsa cé ar leo an scéal atá á insint acu - ní mór a bheith fiosrach faireach ar eagla go slogfaí siar scéal nó leath-scéal nó leithscéal lag éigin i ngan fhios.

Amantaí is féidir fírinne scéil a thuar trí dhá taobh a chlosint.  Má cheapann FOX go bhfuil an dubh ina bhán, gach seans go gceapann Press TV go bhfuil an bán ina dhubh agus is féidir a bheith cinnte ansin de go bhfuil an fhírinne liath tríd is tríd. 

Ach ag magadh faoi iarrachtaí aisteach na n-eachtrannach an dalla mullóg a chur orainn smaoinimis ar ár gcláir 'nuachta' féin.  Nach bhfuil RTÉ gach pioc chomh claonta le BBC agus FOX agus Press TV agus an t-aon fáth go ndeántar dearmad ar sin ná go bhfuil sé imithe i bhfeidhm orainn ionas nach ndéantar é a cheistiú leath chomh minic agus ba chóir?

Ach inniu is dócha go bhfuil an fhírinne chomh soiléir sin do chách agus nach bhfuil (fós) buntaiste le baint ag éinne ón dtragóid gur féidir a bhraith orthu uile a chlaí leis an nuacht lom.  An rud is annamh is iontach.

2 comments:

  1. Cúpla seachtain ó shin bhí muintir RTÉ cairde FF anois is cairde FG iad. Tá a fhios acu cé hiad na máistrí!

    Má tá na stáisiúin nuachta go léir agat, tá stáisiúin seapánach ar #358

    ReplyDelete
  2. 'Sea, rinne mé dearmad ar NHK - níl a fhios agam cén claonadh atá acusan, ach tá an nuacht scanrúïl pé scéal é.

    ReplyDelete