18.3.11

An Pharáid. Náire nó Gáire?

Seo roinnt pictiúir a thógas inné ag an bParáid sa bhaile s'againnse.
Sean charr.
 
 Carr níos sine arís.

Cad é sin go díreach?  Seo íomhá eile de.
 Níl sé soiléir cén baint atá aige le Lá 'le Pádraig áfach.
 Cumann drámaíochta ag fógraíocht seó nua atá acu.
 Sean lorraí.
 Sean lorraí eile.

 Sean tarracóir.
Nua-tarracóir.
 
Lucht na dTarracóiri.
An léiriú is mí-oiriúnaí dá bhfaca mé riamh.


Beagáinín aisteach mar sin féin.  N'fheadar cad a cheap lucht leanta FF faoin gceann seo?  Tá a leithéidí fós san bhaile seo.

Ineall tochailt? Cad sa tSioc?
 
 Fearr gléasta mar phionta mór Guinness, nó Beamish b'fhéidir.
Ceann eile mí-oiriúnach.  Limo ollmhór bán dearg le chomhatha an stríopachais air. Agus cailín óg ann. Tá an cuma air go bhfuil mé i mo chónaí ar Craggy Island.

6 comments:

  1. Cad a bhí mar théama ag an bparáid. Breathnaíonn sé iontach leadránach

    ReplyDelete
  2. B'fhéidir gurb é sin an téama a bhí acu? Leadrán. Níl sna pictiúir thuas ach na buaicphointí, creid nó ná creid é.

    ReplyDelete
  3. Cad é sin go díreach?

    Shéamaisín?

    ReplyDelete
  4. .i. An bhfaca tú mo ... ?

    Ní dóigh liom é - ineall éigin le tarmac a chur ar na bóithre is dócha, nó b'fhéidir chun na bóithre a sciúradh roimh an tarmac a chur orthú?

    ReplyDelete
  5. Thug mé súil eile ar an ngrianghraf. Tá an ceart agat is dócha. Cuireann t-innealra trom uilig seo paráid ar Lá Bealtaine san Aontas Sóivéadach i gcuimhne dom!

    ReplyDelete
  6. ASG! Bhí ár bparáid i Ros Mhic Treoin díreach cosúil leis an gceann seo 10 mbliana ó shin, bhuel, seachas na mainicíní nochta. Ba é buaicphointe na paráide ná an lorraí Statoil agus na hataí (a bhí déanta as páipéar) a dáladh uaidh. N'fheadar an bhfuil sé athruithe ó shin.

    ReplyDelete