An bhfuil taithí ag éinne ar WiMax? An bhfuil maitheas ar bith leis? Breathnaíonn sé ceart go leor ar pháipéar ach b'fhearr liom a chloisint go bhfuil sé in úsáid ag duine éigin eile agus go bhfuil ag éirí leo.
Tá nasc ó Irish Broadband agam anois agus táim sásta go leor leis ach tá imagine! i ndiaidh Irish Broadband a cheannacht agus seoladar litir inné chugam ag díol an nasc WiMax le bandaleithid níos airde ná mar atá anois agam. Bheartaigh mé ar thriail a bhaint as, ach ag cuardú anois dom ar boards.ie ní féidir liom oiread is tuairisc amháin dearfach a aimsiú. Dár ndóigh ní bhéinn ag súil go mbeadh daoine ar a leithéid ag moladh séirbhís mar seo, ach fós, mura bhfuil ann ach cáineadh ... ?
Tá seacht lá anois agam m'intinn a athrú agus tá imní orm gur b'fhéidir gur chaith imagine! iomarca ar an bholscaireacht agus fógraíocht in ionad an t-airgead a chaitheamh ar chur i bhfeidhm an teicneolaíocht?
Ní féidir a shéanadh ach gur fógraíocht den scoth atá ann!
Is dócha go gcuirfí mé glaoch ar ais chucu ag lorg gealltanas éigin go mbeidh mé in ann briseadh ón gconradh mura bhfuil an tséirbhís chomh maith agus a mhaítear.
Is dócha go gcuirfí mé glaoch ar ais chucu ag lorg gealltanas éigin go mbeidh mé in ann briseadh ón gconradh mura bhfuil an tséirbhís chomh maith agus a mhaítear.

