14.1.10

Blonag Nollag

Focal álainn úr nua dhom mar bhrontannas ó Aonghus - blonag.

Dán beag mar thuilleadh spreagadh 's múscailt dhom:

Blonag Nollag.

Tolg an tslogaire,
Bolg na blonaige,
Cogair gur chúis mo thiubhas ná ragairne.

Aoine athbhliana,
Caoineadh na míonna,
Maitheasach flaitheasach cróga 's críonna.
Táim cinnte go gcabhróidh crónán an mhantra seo liom agus mé ag dreapadh suas cnoic fliucha fuara.

13.1.10

Aistear beag agus laghdú beag.

Aistear beag eile ar an rothar anocht. 23.5km i 61 nóiméad. Beidh feabhas le feiscint san am sin sna míonna atá le teacht. Laghdú beag sa mheáchan go 92kg freisin. I ndáiríre áfach, seans maith gur an laghdú suantasach (100%) san méid alcól atá á ól agam is cúis le sin, seachas dhá oíche ag tarraingt mo thóin mhór timpeall cúlbhóithre an bhaile!


7.1.10

Sean chara gan choinne.

Bhuail sean-chara, nach raibh feicithe againn le blianta fada anuas, isteach aréir orainn gan choinne. D'fhearamar fáilte is fiche roimhe agus chaitheamar ana-oíche ina chuideachta agus ba dheacair an rud é na leannaí a chur chun luí, chomh sceitimíneach is a bhíodar. Ar éirigh dúinn ar maidin bhí an fear úd fós linn agus an cuma air go bhfuil sé ag daingniú faoi.

Tá leath-mheangadh anois air, ionann is a rá "beidh brón oraibh sula n-imím uaibh" agus súile dubha aige nach féidir liom breathnú iontú a thuilleadh.

Is minic a lean maidin brónach oíche shúgach, nach ea?



4.1.10

Tús nua.

Chuir mé 18km isteach ar an rothar inniu, mar thús ar fheachtais sláinte na hAthbhliana. 94kg a bhí ionam agus caithfidh mé an uimhir sin a laghdú tapa, ar eagla nach mbeire mé beo an am seo arís! Cuirfidh mé na staitisticí anseo mar spreagadh dhom. Agus cúis magadh daoibhse, dar ndóigh.

;-)

21.12.09

Fuck You I won't do what you tell me!

Óráid eile ón Teachta Gogarty an ea?



Ní hea. Tá feachtas facebook tar éis Killing in The Name Of le Rage Against the Machine a threorú go bharr na cairteanna Shasannach. LOL.

Tá'n cleas chéanna á imirt anseo in Éirinn freisin agus feicimid Oíche Nollaig an éireoidh leo.



Níl mórán baint ag an bport a roghnaíodh leis an Nollaig ach is maith an teachtaireacht an curfá.

An bliain seo chugainn b'fhéidir gur "Bullet in the Head" mar #1 a bhéas mar aidhm acu?

Believin’ all the lies that they’re tellin’ ya
Buyin’ all the products that they’re sellin’ ya
They say jump and ya say how high
Ya brain-dead
Ya gotta fuckin’ bullet in ya head

Just victims of the in-house drive-by
They say jump, you say how high
Ar aghaidh go deo go mbeirimid bua!