Ní féidir mórán ama a chaitheamh ar líne in Éirinn gan ciníochas nimhneach a fheisicint ach is minic nach n-aithnítear mar chiníochas í in aon chor.
Féach ar seo ar an mBiorán.
Níl aon dul as ach go bhfuil fuath dearg ag roinnt daoine in Éirinn don Lucht Siúil agus tá sé deacair a thuiscint cén fáth. Dár ndóigh tá fadhb ag an lucht siúil le coiriúlacht ina measc ach nach bhfuil an fadhb céanna ag chuile céim dár sochaí?
Is minic a chloistear argóint ó shlua an fhuath nach ciníochas í fuath don Lucht Siúil mar ní 'cine' ar leith iad, ach níl anseo ach argóint atá ciníoch ann féin. Cad is cine ann ar aon nós? De réir mar a fheicitear dom é níl éinne chomh cinnte faoi brí an fhocail 'cine' ná lucht an chiníochas iad féin. Dár liom níl ach cine amháin ar domhain - an cine daonna.
Ach fiú ag glacadh leis an bhfuath seo atá fite fuaite trí meoin agus smaointe na tíre, ní éasca an rud é an fáth a thuiscint.
Scríobhas an post seo an samhradh seo chaite ar an lá chéanna ar fíodh an snáth ar an mBiorán. De réir mar a lean an díospóireacht thuigeas go raibh seans mhaith ann nach raibh an brí a bhí i gceist le húsáid an focal 'knacker' mar a shíl mé i dtús agus níor fhoilsigh mé an post ar dheireadh.
D'fhan sé i limbo mar dhreacht go dtí gur chonaic mé arís inniú é.
Seasann an dhá cheist fós. Cad is ciníochas ann agus cén fáth go bhfuil an deargfhuath ann don Lucht Siúil in Éirinn?