30.7.10

Camchuairt nua

Beidh mé anseo sa Dúiche Seoigheach ar feadh cúpla seachtain agus chomh maith le blas binn na Gaeltachta a slogadh siar déanfaidh mé iarracht roinnt rothaíocht a dhéanamh.

Tá camchuairt déanta agam le cúpla lá anuas, ó Chorr na Móna, soir chuig an Fháirche, ar aghaidh go dtí an Chloch Bhreac agus ar ais go Chorr na Móna. Aistear 28km ar fad atá ann agus thóg sé 70 nóiméad orm é a dhéanamh an chéad lá ach inné d'éirigh liom í a chríochnú i 64 nóiméad. Ni bheidh mé sásta ina aon chor mura mbeidh mé in ann uair ghlan a sharú roimh fhilleadh dom go bóithre rialta mo áit chónaithe.

Níl leathanbhanda agam gur féidir braith air áfach agus is fíor bheag a bhreacfas anseo go dtí go bhfillfidh mé ar an mbaile.

19.7.10

An dtaithníonn an litriú seo leat?

Tá aiste ghearr le scríobh agam agus ar mhaithe an chruinneas rinne mé Gaelspell a shuiteáil.  Iontach cabhrach an bogearra é, a fhágann líne dhearg faoi bhun aon fhocal nach bhfuil sé sásta le, i dtaobh gramadaí nó litriú de.  Dár ndóigh, caithfear a bheith cúamach fós (ní dhéanann sé gearán má mheascann tú siúl agus súil, mar shampla) ach bíonn na fadhbanna céanna le seicealaí litirthe in aon teanga.

Ag ceartú m'obair ansin thug mé fá ndeara go raibh líne bheag faoi bhun an fhocail 'taithníonn' sa ghiota bheag seo:
Cé go dtaithníonn ...
Rinne mé gach saghas athrú air chun an líne rua a dhíbirt gan sásamh, go dtí go rabhas cinnte go raibh botún éigin sa seiceálaí litrithe.  Rinne mé Gúgláil ar 'taithníonn' agus is léir go bhfuil sé i ngnáthúsáid ar fud na cruinne.  Cad chuige an líne dearg mar sin?  Ar deireadh, bhain mé an 'h' sa lár - BINGO!

Cad sa tSioc?  (M'iarracht ar WTF, cad a cheapann sibh?)   Isteach láithreach chuig FGB Uí Dhónaill liom agus sin é.  Níl 'h' i lár taitníonn!  Dochreidte! Táim i ndiaidh leath de mo shaol a chaitheamh ag ceapadh go raibh.  Tá 'taithin' sa FGB mar leagan eile de taitin mar a thárlaíonn, ach ní bhfuair GaelSpell an meabhrán is dócha.

Cén fáth nár oscail mé FGB i dtús?  Bhuel, bhíos chomh cinnte sin go raibh mé i gceart nár shíl mé go raibh gá.  Aisteach a rá nár smaoinigh mé ar FGB a úsáid ach chun a chinntiú go raibh 'taitníonn' mícheart.

Cad a cheapann sibh.  An bhfuil taithníonn caighdeánach, nó nach bhfuil?

14.7.10

Bás na scoileanna ABA.

alt sa pháipéar inniú a chuireann scéin agus fearg orm.

Tá brú á chur ar thuistí sna scoileanna ABA aitheantas mar scoileanna speisialta a ghlacadh ach ar bhonn an chinnteos nach scoileanna ABA a bhéas iontu a thuilleadh.

Ó oscailt an chéad scoil ABA i gCorcaigh níos mó na deich mbliain ó shin, tá fás agus borradh tagtha ar na scoileanna seo, ach ní rabhadar riamh in ann séirbhísí a chur a fáil do ghach páiste a raibh gá acu dóibh.  In ionad scoileanna nua a oscailt agus forbairt na scoileanna a bhí ann a cheadú agus a mhaoiniú, bheartaigh ar an rialtas ar iad a dhúnadh, diaidh ar ndiaidh, faoi cheilt, i ngan fhios don phobail i gcoitinne.

Mar a thuigtear domsa é, tá brú á chur ar na dtuistí agus na oidí sna scoileanna glacadh leis na coinníollacha nua nó dúnfar na scoileanna.

Tá dalla mullóg á chur orthu freisin go mbeidh gach rud ceart go leor ach tá na saineolaithe i gceannas ar chéird ABA i ndiaidh teacht amach anois le ráiteas a cháineann pleananna an rialtais agus a shéanann gur féidir cláracha ABA a chur i bhfeidhm gan oidí atá cáilithe i gceart chuige.

Ionsaí náireach ar pháistí le huathachas atá anseo agus níl deireadh an scéil cloiste fós againn.

13.7.10

Torthaí an Toghcháin. Chuala sibh anseo i dtús iad,

Ceatharlach-Cill Chainningh. Tuar:  FF-2 (-1) FG-2 (+1) LO-1(+1).
Tá'n Faoiteach marbh anseo agus lán d'fhios sin aici.  Caillfidh FF ceann anseo freisin.

Cabhán-Muineachán. Tuar:  FF-2 (-1) FG-2 (+1) SF-1
Bhí trí cinn ag FF anseo de bharr go raibh ceann comhairle acu an uair dheireannach.  Ach, fiú le vóta fé bhun 30% ba chóir go mbeadh siad in ann dhá suíochán a choimeád.

An Clár. Tuar:  FF-2 FG-2. Mar atá.
Ní féidir dearmad a dhéanamh ar Bhamjee a thóg suíochán anseo gan choinne i 1992 ach níl aon cuma air go dtárlódh a leithéid arís.  Dá dtárlódh, ní fiú faic na blaganna seo!

Corcaigh Thoir. Tuar:  FF-1 (-1) FG-2 (+1) LO-1
Is féidir gurb iad an LO a bhaineas an dara suíochán ó FF anseo ach táim ag ceapadh go mbeidh FG níos láidre.

Corcaigh Thuaidh-Láir. Tuar:  FF-1 (-1) FG-2 (+1) LO-1.  
Deacair aon toradh eile a fhesicint anseo ach tá SF agus an PS san iomaíocht anseo freisin.

Corcaigh Thiar Thuaidh. Tuar:  FF-1 (-1) FG-2 (+1).  Tá vóta dochreidte ag FF anseo.
Is féidir nach gcaillfidh siad suíochán anseo in aon chor agus is faoiseamh dóibh nach bhfuil aon iomaitheoirí dáiríre ón LO nó ó SF anseo, rud a chiallaíonn gur gá go n-aistreodh daoine a thacaíocht díreach ó FF go FG.  Nílim ró-chinnte go n-éireoidh le FG anseo ach táim á thabhairt dóibh ar aon nós.

Corcaigh Theas-Láir. Tuar:  FF-2 FG-2 LO-1. Mar atá.
An mbeidh Kathy Sinnott san iomaíocht anseo arís?  Má tá, an ndéanfaidh sin difríocht don toradh?  Is féidir an cheist chéanna a chur faoi Chris O'Leary atá anois le SF.

Corcaigh Thiar Theas. Tuar:  FF-1 FG-2. Mar atá.
Bhí an t-ádh dearg le FG dhá suíochán a bhaint anseo i 2007 ach beidh siad slán anois.

Dún na nGall Thoir-Thuaidh.  Tuar: FF-1 (-1) FG-1 SF-1 (+1).  Leis an tóin ag titim as vóta FF beidh suíochán úr nua ag SF faoi dheireadh.

Dún na nGall Thiar-Theas.  Tuar:  FF-1 (-1) FG-1 SF-1 (+1).  An scéal ceannan céanna anseo.

Seo dhaoibh mar sin toradh an chéad toghchán eile:

FF-53 (-26) FG-65 (+14) LO-31 (+11) SF-9 (+5) PS-2 (+2) PRB-1 (+1) N-3 GF-2 (+2) 

Tá na tuartha seo bunaithe ar vótaí na bpáirtithe a bheith mar seo a leanas:

FG - 30-35%
LO - 25%
FF - 20-25%
SF - 10%
eile - 5-15%

Tá rud éigin mícheart leis an gcóras nuair a fhaigheann FF 53 suíochán leis an vóta céanna a thuilleas 31 suíochán do LO, agus b'fhéidir go dtiocfaidh slua Bhamjeeanna chun cinn, ach ní féidir a bheith ag súil leo, an féidir?

Dár ndóigh, le toradh mar sin cad is fiú toghchán a bheith againn in aon chor, ach amháin díoltas beag a bhaint amach ar FF as ucht an slad atá déanta acu orainn?

Cúrsaí sa Pháil.

Ag filleadh anois ar thorthaí an toghchán atá le teacht, caithfidh mé súil (nó dhó) ar chúrsaí sa phríomchathair.  Ní féidir thoghchán a bhuachaint gan suíochán nó fiche a bhreith leat ansin.  Seo mar a tharlós, dár liom.

Dún Laoghaire.  Tuar:  FF-1 (-1 ) FG-1 LO-1 PRB-1 (+1).  Caillfidh an rialtas dhá suíochán anseo.
Tá laghdú le teacht ar líon na suíocháin anseo agus b'fhiú sin chun ceann a bhaint ó FF.  Ní féidir a rá an  AndrewsHanafin nó a chailleas, ach má leanann sibh na naisc, feicfidh sibh cad atá uaim mar thoradh.  Tá Cuffe imithe freisin mar ní bheidh vótaí le sparáíl ag FF chun é a thogadh agus níl éinne eile chun iad a thabhairt dó.  Tá lá RBB agus an SWP ar tí teacht!    

Áth Cliath Iarthar-Láir.  Tuar: FF-1 FG-1 (+1) LO-1 GF-1 (+1)  Bainfidh FG suíochán Gogarty anseo gan stró.
Caithfidh suíochán Harney a bheith imithe freisin go háirithe nuair a cheaptar nach bhfuil suim aici fiú troid ar a shon.  Ach cé a gheobhas é?  Cheapfainn féin go bhfuil sé ann don páirtí a bhfuil muinín acu an dara iarrathóir a chur sa rás idir FG, LO agus fiú FF.  Murach sin tá seans beag go mbainfidh SF ceann anseo, ach beag baol.  Táim a bhronnadh anois ar GhanFhios.

Áth Cliath Thiar.  Tuar:  FF-1 FG-1 LO-1 PS-1 (+1). Athghabháil suíochán ar son na réabhlóide anseo.
Agus suíochán breise anseo, níl slí dá laghad nach bhfillfidh Joe Higgins chuig Teach Laighin.

Ath Cliath Theas.  Tuar:  FF-1 FG-2 LO-2 (+2).  Bua mór i ndán don LO anseo.
Tá praiseach cheart déanta ag FG den dáilcheantar seo agus suíochán George Lee caillte acu. Murach sin bheadh triúir insuite acu anois agus seans maith acu iad a choimeád.  Mar atá caithfidh an LO dánacht ar leith a thaispéaint anseo agus beirt a chur san iomaíocht.  Cuimhnigh ar éacht Eithne agus ná déan an botún céanna arís a chomradaí.

Áth Cliath Thiar Theas.  Tuar:  FF-1 (-1) FG-1 LO-1 SF-1 (+1).  Ceann eile anseo do SF.
Níl aon slí gur féidir le FF dhá suíochán a choimeád anseo le níos lú ná 30% den vóta.

Áth Cliath Thoir Theas.  Tuar:  FF-1 FG-1 LO-1 GF-1 (+1).  Ceann eile do GF anseo.
Tá'n rás rite ag an Ghormfhlaitheach ach ní féidir in aon chor a thuar cé a bhaineas uaidh é.  Maraon le Áth Cliath Iarthar-Láir 'sé pé acu atá muinín acu an dara iarrathóir a sheasamh a bheireas an bua.

Áth Cliath Lár Theas.  Tuar:  FF-1 (-1)  FG-1 LO-2 (+1) SF-1.  Bainfidh Eric Byrne ceann ó FF.
Tá baol anseo do SF agus is ar éigin a choimeádfaidh Ó Snodaigh a áit, ach ní féidir dhá suíochán a fheiscint do FG i mBaile Fhormad.

Áth Cliath Lár.  Tuar:  FF-1 (-1) FG-1 (+1) LO-1 N-1. Ardú céíme do Phascal atá i ndán anseo is dócha.
Deireadh le réim Rí na nGaimbín ach beag baol go gcaillfidh sé a shuíochán féin.  Mór an trua. 

Áth Cliath Lár Thuaidh.  Tuar:  FF-1 FG-1 N-1.  Mar atá.
Tá vóta dochreidte ag FF anseo, de bharr ainm Uí hEochaidh is dócha. In aineoinn chaimiléireacht Mhic Craith, tá sé slán.

Áth Cliath Thiar Thuaidh.  Tuar:  FF-1 (-1) LO-1 SF-1 (+1). Bainfidh Dessie Ellis ceann anseo, faoi dheireadh!
Caithfidh titim ar vóta FF a bheith chun tairbhe SF thar FG.

Áth Cliath Thoir Thuaidh.  Tuar:  FF-1 FG-1 LO-1. Mar atá.
Arís anseo tá vóta dochreidte anseo ag FF rud a chinnteos go bhfuil an suíochán slán acu, fiú má éiríonn Woods as.

Áth Cliath Thuaidh.  Tuar:  FF-1 (-1) FG-1 LO-1 (+1) PS-1 (+1).  Ceann eile don PS anseo.
Tá FF láidir anseo freisin ach fós féin titfidh an vóta fé bhun 30%, rud a chailleas an dara suíochán dóibh.  Tá'n iar-ard-glasra fiuchta anseo freisin, dár liom.

Fiuchta! ASG!

Seo mar a sheasfas cúrsaí mar sin i ndiaidh teachtaí Áth Cliath a chuir san áireamh:

FF-39 (-19) FG-47 (+9) LO-27 (+10) SF-6 (+3) PS-2 (+2) PRB-1 (+1) N-3 GF-2 (+2)

Le deich ndáilcheantar le comhaireamh fós tá cuma an chéad rialtas eile le sonrú go soiléir.