15.1.10

Cad is ciníochas ann?

Ní féidir mórán ama a chaitheamh ar líne in Éirinn gan ciníochas nimhneach a fheisicint ach is minic nach n-aithnítear mar chiníochas í in aon chor.

Féach ar seo ar an mBiorán.

Níl aon dul as ach go bhfuil fuath dearg ag roinnt daoine in Éirinn don Lucht Siúil agus tá sé deacair a thuiscint cén fáth. Dár ndóigh tá fadhb ag an lucht siúil le coiriúlacht ina measc ach nach bhfuil an fadhb céanna ag chuile céim dár sochaí?

Is minic a chloistear argóint ó shlua an fhuath nach ciníochas í fuath don Lucht Siúil mar ní 'cine' ar leith iad, ach níl anseo ach argóint atá ciníoch ann féin. Cad is cine ann ar aon nós? De réir mar a fheicitear dom é níl éinne chomh cinnte faoi brí an fhocail 'cine' ná lucht an chiníochas iad féin. Dár liom níl ach cine amháin ar domhain - an cine daonna.

Ach fiú ag glacadh leis an bhfuath seo atá fite fuaite trí meoin agus smaointe na tíre, ní éasca an rud é an fáth a thuiscint.

Scríobhas an post seo an samhradh seo chaite ar an lá chéanna ar fíodh an snáth ar an mBiorán.  De réir mar a lean an díospóireacht thuigeas go raibh seans mhaith ann nach raibh an brí a bhí i gceist le húsáid an focal 'knacker' mar a shíl mé i dtús agus níor fhoilsigh mé an post ar dheireadh. 

D'fhan sé i limbo mar dhreacht go dtí gur chonaic mé arís inniú é.

Seasann an dhá cheist fós.  Cad is ciníochas ann agus cén fáth go bhfuil an deargfhuath ann don Lucht Siúil in Éirinn?

5 comments:

  1. Tá sé de nós ag daoine smaoineamh i dtéarmaí "muide" agus "iadsan". Má leantar an chonair sin ró fhada, sin ciníochas.

    Ach tá deacracht eile ann - úsáidtear an lipéid "ciníochas" mar maide draighneáin chun gan dul i ngleic le argóintí nó buarthaí daoine.

    Seo blagmhír spéisiúil faoi "masla" a léiríonn cad atá i gceist agam.

    ReplyDelete
  2. This comment has been removed by the author.

    ReplyDelete
  3. Ciníochas? Fuath míréasúnta do ghrúpa daoine agus do dhaoine faoi leith a mheastar a bhaineann leis an ngrúpa sin. Aon rud as bealach a dhéanann ball den ghrúpa leagtar ar an ngrúpa ar fad é - tá siad ar fad mar sin! Tá an rud ar fad míréasúnta agus déistineach. Polasaí beag agam féin maidir le fuath / ciníochas ar an idirlíon a sheachaint: ní bhacaim le blaganna Béarla na hÉireann.

    ReplyDelete
  4. "Polasaí beag agam féin maidir le fuath / ciníochas ar an idirlíon a sheachaint: ní bhacaim le blaganna Béarla na hÉireann."

    Nach bhfuil an polasaí sin beagáinín iomarcach?

    ReplyDelete
  5. Tá, go cinnte. Agus is iomaí blag maith Béarla á scríobh in Éirinn. Ach tá teorainn leis an méid is féidir liom a léamh agus freagairt dó agus tá fuílleach eolais, gaoise, grinn, agus tuisceana etc. sna blaganna Gaeilge. Tá réimse breá ábhar ann agus é suas chun dáta. Táim á léamh le bliain anois agus níor casadh fuath, nimh, ná ciníochas orm iontu go dtí seo; ach a mhalairt ghlan. Íocshláinte é sin, geall leis.

    ReplyDelete