28.1.10

Ceantar 9

Táim díreach i ndiaidh breathnú ar District 9 le m'iníon.  Scannán maith a bhí ann, arbh bhfiú breathnú air agus dár ndóigh, tá teachtaireacht agus brí faoi leith i gceist i dtaobh ciníochas agus éagóir, go h-áirithe sa chomhthéacs Aifriceach.  Ach bhí sé soiléar dhom ag deireadh an scannáin go raibh an fothscéal sin go hiomlán do-fheichthe do m'iníon.  Níor chuala sí riamh faoi Apartheid agus níor aithnigh sí an comparáid idir saol agus cruachás na n-eachtranaigh agus a thárla do dhaoine a mhair faoi chos Apartheid.


5 comments:

  1. Feicim go bhfuair tú abhatár nua, agus athrú gnéise san am céanna. Mr. Jihad bocht!
    ;-)

    ReplyDelete
  2. 'Sea. Avatar. Geddit?

    Cuireann sé áthas orm a rá go bhfuil Mr Jihad i ndiaidh éirí as an Islam foréigineach agus tá sé ar ais ag anois mar oifigeach sláinte agus sábháilteacht i monarchan mór i Shasanna. Cé nach bhfuil mé cinnte fós gur b'shin an post is oiriúnaigh dhó, is mór an feabhas é ar an jihadachas.

    Rinne mé an pictiúr nua a ullmhú sula raibh an scannán úd feicthe agam, agus ní raibh a fhios agam gur bean a bhí roghnaithe agam go dtí sin. Táim ró-leisciúil ceann eile a dhéanamh.

    N'fheadar a bhfuil suíomh ann fós ar féidir aghaidh daonna a athrú go aghaidh Na'vi?

    ReplyDelete
  3. "N'fheadar a bhfuil suíomh ann fós ar féidir aghaidh daonna a athrú go aghaidh Na'vi?"

    Bhíodh suíomh ann i gcomhair sin! Ach tá sé imithe, n'fheadar cén fáth. Bhí sé ar fheabhas.

    http://www2.mcdonalds.fi/day/avatar/avatarize.php?lid=finland&mId=32862774.3

    ReplyDelete
  4. Seo é anseo! Bainfidh mé triail as anocht.

    ReplyDelete
  5. 'Níor chuala si riamh faoi Apartheid' - dea-chomhartha, ceapaim...:-)

    ReplyDelete