Ceatharlach-Cill Chainningh. Tuar: FF-2 (-1) FG-2 (+1) LO-1(+1).
Tá'n Faoiteach marbh anseo agus lán d'fhios sin aici. Caillfidh FF ceann anseo freisin.
Cabhán-Muineachán. Tuar: FF-2 (-1) FG-2 (+1) SF-1.
Bhí trí cinn ag FF anseo de bharr go raibh ceann comhairle acu an uair dheireannach. Ach, fiú le vóta fé bhun 30% ba chóir go mbeadh siad in ann dhá suíochán a choimeád.
An Clár. Tuar: FF-2 FG-2. Mar atá.
Ní féidir dearmad a dhéanamh ar Bhamjee a thóg suíochán anseo gan choinne i 1992 ach níl aon cuma air go dtárlódh a leithéid arís. Dá dtárlódh, ní fiú faic na blaganna seo!
Corcaigh Thoir. Tuar: FF-1 (-1) FG-2 (+1) LO-1.
Is féidir gurb iad an LO a bhaineas an dara suíochán ó FF anseo ach táim ag ceapadh go mbeidh FG níos láidre.
Corcaigh Thuaidh-Láir. Tuar: FF-1 (-1) FG-2 (+1) LO-1.
Deacair aon toradh eile a fhesicint anseo ach tá SF agus an PS san iomaíocht anseo freisin.
Corcaigh Thiar Thuaidh. Tuar: FF-1 (-1) FG-2 (+1). Tá vóta dochreidte ag FF anseo.
Is féidir nach gcaillfidh siad suíochán anseo in aon chor agus is faoiseamh dóibh nach bhfuil aon iomaitheoirí dáiríre ón LO nó ó SF anseo, rud a chiallaíonn gur gá go n-aistreodh daoine a thacaíocht díreach ó FF go FG. Nílim ró-chinnte go n-éireoidh le FG anseo ach táim á thabhairt dóibh ar aon nós.
Corcaigh Theas-Láir. Tuar: FF-2 FG-2 LO-1. Mar atá.
An mbeidh Kathy Sinnott san iomaíocht anseo arís? Má tá, an ndéanfaidh sin difríocht don toradh? Is féidir an cheist chéanna a chur faoi Chris O'Leary atá anois le SF.
Corcaigh Thiar Theas. Tuar: FF-1 FG-2. Mar atá.
Bhí an t-ádh dearg le FG dhá suíochán a bhaint anseo i 2007 ach beidh siad slán anois.
Dún na nGall Thoir-Thuaidh. Tuar: FF-1 (-1) FG-1 SF-1 (+1). Leis an tóin ag titim as vóta FF beidh suíochán úr nua ag SF faoi dheireadh.
Dún na nGall Thiar-Theas. Tuar: FF-1 (-1) FG-1 SF-1 (+1). An scéal ceannan céanna anseo.
Seo dhaoibh mar sin toradh an chéad toghchán eile:
FF-53 (-26) FG-65 (+14) LO-31 (+11) SF-9 (+5) PS-2 (+2) PRB-1 (+1) N-3 GF-2 (+2)
Tá na tuartha seo bunaithe ar vótaí na bpáirtithe a bheith mar seo a leanas:
FG - 30-35%
LO - 25%
FF - 20-25%
SF - 10%
eile - 5-15%
Tá rud éigin mícheart leis an gcóras nuair a fhaigheann FF 53 suíochán leis an vóta céanna a thuilleas 31 suíochán do LO, agus b'fhéidir go dtiocfaidh slua Bhamjeeanna chun cinn, ach ní féidir a bheith ag súil leo, an féidir?
Dár ndóigh, le toradh mar sin cad is fiú toghchán a bheith againn in aon chor, ach amháin díoltas beag a bhaint amach ar FF as ucht an slad atá déanta acu orainn?