30.7.10

Camchuairt nua

Beidh mé anseo sa Dúiche Seoigheach ar feadh cúpla seachtain agus chomh maith le blas binn na Gaeltachta a slogadh siar déanfaidh mé iarracht roinnt rothaíocht a dhéanamh.

Tá camchuairt déanta agam le cúpla lá anuas, ó Chorr na Móna, soir chuig an Fháirche, ar aghaidh go dtí an Chloch Bhreac agus ar ais go Chorr na Móna. Aistear 28km ar fad atá ann agus thóg sé 70 nóiméad orm é a dhéanamh an chéad lá ach inné d'éirigh liom í a chríochnú i 64 nóiméad. Ni bheidh mé sásta ina aon chor mura mbeidh mé in ann uair ghlan a sharú roimh fhilleadh dom go bóithre rialta mo áit chónaithe.

Níl leathanbhanda agam gur féidir braith air áfach agus is fíor bheag a bhreacfas anseo go dtí go bhfillfidh mé ar an mbaile.

3 comments:

  1. Beidh mé ag dul tríd an dúiche sin Dé Luain. Beidh mé ar faire amach le haghaidh fear aclaí ar rothar...:-)

    ReplyDelete
  2. An bhfuil ceamara agat? Tá 's agat an rud a deirtear faoi phictiúr amháin agus míle focal.

    ReplyDelete
  3. Mo bhrón a Dhennis, níor thug mé an ceamara liom. Caithfí na focail an beart a dhéanamh.

    ReplyDelete