14.1.10

Blonag Nollag

Focal álainn úr nua dhom mar bhrontannas ó Aonghus - blonag.

Dán beag mar thuilleadh spreagadh 's múscailt dhom:

Blonag Nollag.

Tolg an tslogaire,
Bolg na blonaige,
Cogair gur chúis mo thiubhas ná ragairne.

Aoine athbhliana,
Caoineadh na míonna,
Maitheasach flaitheasach cróga 's críonna.
Táim cinnte go gcabhróidh crónán an mhantra seo liom agus mé ag dreapadh suas cnoic fliucha fuara.

7 comments:

  1. Gurbh amhlaidh a bheas!

    Ar scáth foclóra a chéile a mhaireann na Gaeilgeoirí! Fáilte romhat

    ReplyDelete
  2. Dála an scéil, is geall le comharsain muid, nach ea? Tá cónaí ormsa i mBaile an Chinnéidigh. Má tá fonn ort teagmháil a dhéanamh san seomra mór gorm cuir scéala chugam ag aonghusoh ag gmail ponc com

    ReplyDelete
  3. 'Sea, tá mé cúpla km síos an bhóthair uait. I gceann mí nó dhó beidh sé ar mo chumas rothaíocht chugat!

    Seomra mór gorm? Cad é sin?

    ReplyDelete
  4. An t-ainm atá ag Aonghus ar an saol mór lasmuigh den idirlíon. Bhuail mé leis ann uair amháin agus mé i mBÁC.
    :-)

    ReplyDelete
  5. Dála an scéil: na blonaige

    ReplyDelete
  6. Sin é.

    Náth coitianta ag ríomhchláiritheoirí. Caitheann muid barraíocht ama faoi dhíon!

    ReplyDelete
  7. GRMA Dennis. Tá sé sin ceartaithe agam. Gearrfar pionós ar an eagarthóir.

    ReplyDelete