24.1.10

Bóthar Nua.

Bhuel, treo nua ar aon nós.  I ndiaidh lámh trom an stáit a bheith leagtha anuas orm, bhí orm an mhótarbhealach a sheachaint inniú, ach táim sásta go bhfuil an slí mhalartach chomh oiriúnach is a bhí an slí ar a raibh taithí agam air le blianta fada anois.  Rinneas 29.5km inniú i 71 nóiméad agus rinneas ar maidin é, ionas go mbéinn in ann an bóthar a scrúdú, ar eagla go bhfuil poill nó a leithéidí ann, nach bhfeicfinn istoíche.  Bhí chuile méadar den tseanslí ar eolas agam, sa chaoi is go raibh a fhios agam cén áiteanna a bheadh uisce bailithe i ndiaidh ceatha 7rl.

Ní raibh sé fliuch inniú agus is dócha go dtógfaidh sé cúpla mí imeacht i dtaithí daingean ar an aistir nua ach táim sásta ar a laghad go bhfuil dóthan spás ann dom agus nach bhfuil mé i mbaol bás imeacht amach sa dhorchadas.

Is léir gur maidin Domhnaigh maidin an rothaíocht, in Ascaill na nGall ar aon nós.   Bíonn grúpaí idir bheag agus mhór de dhaoine idir óg agus aosta a gabháil síos an bhóthair, iad uile gléasta ar nós Seán Kelly agus róthair rása mar fhaobhair ag gearradh na gaoithe acu, agus mise ar nós eilifint ar thóir giorria ar bhoinn ramhar mo rothar sléibhe.  Caithfidh mé a admháil go gcuireann sé náire orm nuair a bhrostaíonn páistí tharaim chomh tapaidh is a cheapfá nach raibh mé ag gluaiseacht in aon chor.  Mo sheacht mhallacht oraibh Bray Wheelers!

Tá trí seachtainí den fheachtais nua déanta anois agam, agus ar eagla nach scríobhfaidh mé faoi faic eile tá mé chun postanna na bhlonaige a theorannú go ceann amháin in aghaidh na seachtaine.

2 comments:

  1. Más féidir leat 29.5 km a dhéanamh i 71 nóiméid i d'aonar agus ar rothar sléibhe, ní bheadh aon fadhb agat dul chomh tapaidh leis na Bray Wheelers dá mbeadh rothar rása agat agus tú ag gluaiseacht i ngrúpa mór. 'Spect!

    ReplyDelete
  2. GRMA Dave Mc, is cúis dóchais sin dhom.

    ReplyDelete