3.2.16

Toghchán ar deireadh.

Cúig bhliain ó shin, chríochnaíos sraith postanna leis an bpost seo ag tuar torthaí ollthoghcháin 2011.


'Siad na torthaí a thit amach ar deireadh ná

FF-20 FG-76 LO-37 SF-14 ULA-4 N-15.

agus mar sin ní dóigh liom gur éirigh ródhona liom, go h-áirithe leis an abairt deireanach a ghéill go bhféadfadh FF fulaingt dá dtifeadh a vóta faoi 20%, rud a tharla. Cé go raibh an céatadán den vóta a ghnóthaigh an LO faoi 20% freisin, ní rabhadar á roinnt idir beirt nó triúr agus is iadsan is mó a bhain leas as leá tacaíochta FF. 

Bhaineas an-spraoi an tráth sin leis an bhfíric go raibh leithleas roinnt the lucht FF ag caitheamh suíocháin uathu de bharr iomarca iomaitheoirí ar thóir suíocháin gan dóthain de vóta le roinnt eatarthu.  Ar deireadh, sin díreach a tharla agus b'shin an botún ba mhó i mo thuar - ghnóthaigh na bastúin leath an mhéid suíocháin is a bhí mé ag súil leis.  Ní gá dom a rá dár ndóigh ach gur ábhair áthais é dhom go raibh mé chomh mícheart sin.

Ar aon nós, tá sé ar intinn agam 40 thuar eile a dhéanamh sna seachtainí atá romhainn, go bhfeice mé an bhfuil mo scileanna fháidhiúla feabhasaithe thar na blianta. Bíonn saineolaithe ar nós Seán Donnelly ar RTÉ Drivetime le Mary Wilson na laethanta seo ag tuar seo agus siúd ar fud na tíre agus caithfidh mé a admháil gur minic a cheapaim go bhfuil na boic bochta ag caitheamh craice le na tuair seafóideacha a chloisim uathu.

Tosnóidh mé le mo thoghcheantar féin, Cill Mhantáin.

Cill Mhantáin/Ceatharlach Thoir.  Tá rás Anne Ferris rite agus níl aon rud níos cinntí ná go bhfuil tóin stroicthe as bríste an LO i gCill Mhantáin le fada anois.  Níl oiread is suíochán amháin acu ar an gComhairle Contae a thuilleadh agus leis an LO le vóta níos lú ná 10% go náisiúnta níl seans ar bith aici teacht aniar i gCill Mhantáin.  Mar bharr ar gach donais, tá Stephen Donnelly i ndiaidh na SD a bhunú (an cuma air nach bhfuileadar ag bacadh le leagan Ghaeilge dá n-ainm) rud a mheallas roinnt de 'sóisialaigh' an bhradáin deataithe ón LO.  Tar éis an méid sin a rá, tá an chuid eile éasca go leor a thuar.  Tá John Brady cinnte dearfa chun suíochán a ghabháil - ní raibh ach 120 vóta idir é agus an suíochán deireanach a thóg Stephen Donnelly i 2011 agus rinne sé an méid sin le 10% den vóta.  Beidh 20% aige an uair seo agus ba chóir go dtógfadh sé an chéad suíochán.  Measaim go bhfuil an bheirt léine gorm slán go leor freisin, go háirithe le gan ach an bheirt acu san iomaíocht in oirthear an chontae.  Bheifeá buartha faoi shuíochán Billy Timmins ar thaobh thall na sléibhte le RN anois, ach go bhfuil an taobh sin tíre aige dó féin don mórchuid agus ba chóir go mbeadh an vóta pearsanta aige a thóin a choimeád i dTeach Laighin. Amaidí eile ag FF beirt a chuir sa rás, agus ceann acu ó Dhún Laoghaire, creid nó ná creid é.  Beidh Casey san iomaíocht ach ní gheobhaidh sé na huimhreacha 2, 3 & 4 chun é a thabhairt slán dár liom.  Dá mbeadh ach é féin faoi bhrat FF bheadh seans níos fearr aige, ach mar atá, is Donnelly a thógfaidh an ceann deireanach arís. 

Tuar: SF-1(+1) FG-2(-1) SD-1 RN-1.

Ná dearmad gur anseo a chuala sibh i dtús é! 

2 comments:

  1. Sin mo thoghcheantar féin agus níl tuairim fén spéir agam cé do (is beag "di" atá ar fáil) a chaithfidh mé vóta. Shamhlóinn go bhfuil an ceart agat. Bhfaca tú tuar Dhonncha i Tuairisc inniu?

    ReplyDelete
  2. Léite agam díreach ansin. Ní thuigim conas go gceapann sé go mbeadh Brady agus Ferris san iomaíocht don chúigiú suíochán. Gheobhaidh Brady cúóta sa chéad comhaireamh agus bheadh muid ag comhaireamh go lá lom an Luain sara mbeadh cúotá (ná ceathrú cúotá fiú) ag Ferris. Ní aontaím leis ach oiread mar gheall ar Casey agus Timmins ach oiread. Feicfimid ar ball cé againn is cirte.

    ReplyDelete