9.2.16

Toghchán ... Cúige na Mí

Déanfaidh mé iarracht an cúigiú cúige a chlúdach leis an bpost seo, 'sé sin An Mhí Thoir, An Mhí Thiar agus an Iarmhí. Bronnfar duais ar éinne atá ábalta smaoineamh ar magadh maith mar fhreagra ar an gceist "Cad é an difir idir An Iarmhí agus an Mhí Thiar?" Ní ritheann aon rud níos greannmharaí liom faoi láthair ná "san Iarmhí pósann deirfiúracha a deartháireacha ach sa Mhí Thiar is a mhalairt an scéal."

Is leor sin mar ghreann, fillfimis anois ar an dtairngearacht.

An Mhí Thoir. Tá athruithe móra i ndán don toghcheantar seo i ndiaidh na hathruithe ollmhóra i 2011.  An tráth sin tháinig Dominic Hannigan isteach sa chéad áit don LO, ach mar a tharla i roinnt áiteanna eile, bhí Dominic bocht ag braith ar taoide dostoptha an LO i 2011, seachas aon mórthacaíocht phearsanta nó buanthacaíocht LO.  Níl na vótaí sin ann a thuilleadh, agus níl oiread is suíochán amháin acu ar Chomhairle an Chontae anois - slán leat Dominic.  Dár ndóigh thit an spéir ar FF an bhliain áirithe sin agus cé nach dtiocfaidh siad aniar uaidh sin i roinnt áiteanna bhí 20% acu i 2011 agus gach seans go mbeadh suíochán anois acu ach go raibh beirt san iomaíocht ar an lá.  Ní dhéanfaidh siad an botún céanna i mbliana agus fillfidh Thomas Byrne FF chun Dála dá bharr.  Tá fás thar cuimse tagtha ar vóta SF le blianta beaga anuas agus déarfainn go dtógfaidh Darren O'Rourke suíochán anseo freisin.  Rud a fhágann go gcaithfidh ceann de mhná FG an stáitse a fhágáil.  Déarfainn go bhfuil an buntáiste ag McEntee de bharr a hainm, ach bíonn Regina Doherty an-fheiceálach agus b'fhéidir gur leor sin i a thabhairt slán?  Pé scéal é, ní gheobhaidh FG 40% den vóta t-am seo agus níl seans ar bith acu dhá cheann a thógáil mar sin.

Tuar : FF-1(+1), FG-1(-1) SF-1(+1)

An Mhí Thiar.  Tá sé i bhfad níos éascaí an ceann seo a thuar.  Tá sé soiléir ó thorthaí na toghcháin áitiúla i 2014, go bhfuil athfhás tagtha ar vóta FF sa dáilcheantar seo - b'fhéidir nach bhfuil cúóta iomlán acu ach níl siad fada uaidh agus níleadar á roinnt thar beirt nó triúr.  Tá sé cinnte go dtógfaidh Cassells FF ceann mar sin.  Is amhlaidh an scéal do Peadar Tóibín SF.  Gach sean go mbeidh cúóta dá féin aige ar an gcéad comhairimh, ach fiú mura bhfuil, níl aon slí nach bhfillfidh sé chun Dála.  Fágann sin beirt léine gorma bochta ag géar-ionmaíocht do shuíochán amháin. Deacair a rá cé acu a thógfaidh é, ach déarfainn gur Damien English a dhéanfaidh an beart.

Tuar : SF-1, FF-1(+1) FG-1(-1)

Longort-An Iarmhí. I 2011 bhí thar cúóta ag an LO, cúóta ag FF agus beagnach dhá cúóta ag FG agus sin mar a bhronnadh na suíochán. Bheinn den tuairim nach raibh cúóta ag an LO in aon chor, ach go raibh beagnach cúóta pearsanta ag Willie Penrose.  Ní thuigim an greim atá aige ar mhuintir an Mhuilleann gCearr ach d'fhéadfadh sé rith ar son an DUP agus bhainfeadh sé suíochan, dar liom.  Ní dhéanfaidh imphléascadh an LO mórán dochar dá vóta, cé gach seans nach é an chéad ceann an thógfaidh sé an uair seo.  Déarfainn go mbeidh Robert Troy FF slán freisin, mar níl sé ag roinnt a vóta le comhghleacaí dáiríre an t-am seo - níl ann ach scuabaire i sciorta, mar atá ar siúl ag an dhá mórpháirtí ar fud na tíre.  Is cinnte go dtitfidh vóta FG an uair seo agus ní dóigh liom go bhfuil sé réalaíoch dóibh a bheith ag ceapadh gur féidir leo dhá suíochán a choimeád anseo.  McFadden a chaillfidh amach dar liom, cé go mbeidh sí san iomaíocht go dtí an deireadh, rud a thabhairfidh Bannon agus Penrose slán.  An mór-cheist anseo ná cá rachaidh an suíochán deireanach sin, murach McFadden a fhaigheann é.  Dár liom tá sé idir ceann de na neamhspleáchaigh, Kevin Boxer Moran agus Paul Hogan SF.  D'fhéadfadh ceachtar acu é a thógáil dár liom, ach fágfaidh mé i gcolún GF é.

Tuar : FG-1(-1), FF-1, LO-1 GF-1
   
Sin agaibh é do anocht.

2 comments: